Foras na Gaeilge
Áis | Áis
Misean
Seirbhís dáiliúcháin den scoth a chur ar fáil d'fhoilsitheoirí Gaeilge agus soláthar leabhar Gaeilge a chinntiú ar an mhargadh.
Stair
Bhunaigh Bord na Gaeilge Áisíneacht Dáiliúchán Leabhar (ÁIS) i 1980 chun foilseacháin Ghaeilge a dháileadh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá cúraimí Bhord na Gaeilge maidir le hÁIS aistrithe go dtí Foras na Gaeilge ó 1999 ar aghaidh.
Gníomhaíochtaí Áis
Le linn 2010 rinne Áis dáileadh chuig 286 siopa ar fud an oileáin, 14 sa Bhreatain, 4 ar mhór-roinn na hEorpa, 7 sna Stáit Aontaithe, agus 1 san Astráil. Dáileadh 247,602 aonaid i rith 2010 agus thit díolacháin 12.77% chuig €1,270,576.
An Fhoireann
Breandán MacCraith - Clárbhainisteoir
Bernie Caomhánach
Pádraic Ó Flatharta
Sonraí Teagmhála
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA



