Foras na Gaeilge
baile»foras na gaeilge»clár na leabhar gaeilge
Clár na Leabhar Gaeilge | Clár na Leabhar Gaeilge
- Misean
- Stair
- Ról
- Freagrachtaí
- Scéimeanna agus Feachtais
- Féilte/Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí Litríochta
- Comhdháil faoin Léitheoireacht
- Taighde
- Comórtais Litríochta
- An Fhoireann
- Sonraí Teagmhála
- Foilseachán
Scríbhneoireacht, Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge a chothú.
Stair
Bunaíodh Bord na Leabhar Gaeilge i 1952 chun foilsitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Ag tús 2008, aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge go Foras na Gaeilge. Déantar na feidhmeanna sin a chomhlíonadh anois faoin ainm Clár na Leabhar Gaeilge.
Ról
- Tacaíocht a thabhairt d’fhoilsitheoirí na Gaeilge trí Scéim na Foilsitheoireachta go príomha.
- Tacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge tríd na Scéimeanna Scríbhneoireachta go príomha.
- Aird an phobail a dhíriú ar leabhair Ghaeilge.
- Daoine a mhealladh le bheith ag léamh agus ag scríobh as Gaeilge.

Freagrachtaí
- Tacú le foilsitheoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge chun a chinntiú go mbeidh réimse leathan saothair ar ard-chaighdeán Gaeilge ar fáil do léitheoirí.
- Leabhair Ghaeilge a chur chun cinn.
- Comhoibriú le heagraíochtaí eile ar thograí chun leabhair Ghaeilge a chur chun cinn.
- Buiséad na rannóige a riar chomh héifeachtach agus chomh cothrom agus is féidir.
Comórtas Leabhar na Bliana
Tá an gearrliosta do Leabhar na Bliana sna catagóir éagsúla fógartha anois. Chun a thuille eolais a fháil mar gheall ar seo Cliceáil Anseo
Scéimeanna agus Feachtais
Tionscadail Litríochta
Cuirtear tacaíocht ar fáil do Thionscadail Litríochta chun litríocht na Gaeilge a bhuanú, a chothú agus a chur chun cinn.
Spriocdháta d’iarratais: Tá an scéim seo dúnta anois
Tá sonraí don Tionscadail Litríochta 2013 ar fáil anseo
Scéim na Foilsitheoireachta
Tugann an scéim seo cúnamh d’fhoilsitheoirí leabhair Ghaeilge a fhoilsiú. Cuirtear tacaíocht maoinithe ar fáil sna réimsí táirgeachta, margaíochta agus forbartha.
Tá sonraí Scéim na Foilsitheoireachta 2013 ar fáil anseo
Tá sonraí Scéim na Foilsitheoireachta 2012 ar fáil anseo
Na Scéimeanna Scríbhneoireachta
Cuireann na Scéimeanna Scríbhneoireachta le cumas scríbhneoirí Gaeilge plé le gnéithe éagsúla den phróiseas liteartha.
Scéim na nOidí
Is í aidhm na scéime seo deis a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta Gaeilge comhairle faoina gcuid scríbhinní, agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne, a fháil ó scríbhneoirí aitheanta Gaeilge (oidí)
Is féidir leat teacht ar na foirmeacha a bhaineann leis an scéim thuasluaite Anseo
Tá 'Scéim na nOidí 2013' fógartha anois
Spriocdháta d’iarratais: 30 Aibreán 2013
Scéim na gCoimisiún
Is í aidhm na scéime seo ciste coimisiúnaithe a dháileadh i measc lucht liteartha na Gaeilge sa chaoi is go gcinnteofar soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta.
Scríobh Leabhar
Is éard atá i gceist leis an tionscnamh seo ná go n-iarrtar ar pháistí bunscoile leabhar a scríobh, rud a thugann an deis dóibh taithí a fháil ar an gcruthaitheacht, ar na scileanna agus ar an spraoi, a bhaineann lena leabhair féin a scríobh agus a fhoilsiú.
Tá cuid de na leabhair seo le feiceáil ach cuairt a thabhairt ar an nasc seo.

Evanne Ní Chuilinn RTÉ le beirt pháistí a ghlac páirt sa tionscadal 'Scríobh Leabhar' i gCill Chainnigh
Leabhar na Bliana 2011
Reáchtáiltear Gradam Leabhar na Bliana i gcomhar le hOireachtas na Gaeilge. Tá dhá rannóg i gceist le Leabhar na Bliana, Leabhar do Dhaoine Fásta (Gradam Uí Shúilleabháin) agus Leabhar do Dhaoine Óga (Gradam Réics Carló).
Bhain na leabhair seo a leanas amach gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2011:
- Dialann Dúlra le Tony McNally, arna fhoilsiú ag Gaelink
- Séadna le Liam Mac Mathúna, arna fhoilsiú ag Cois Life
- Sé an Saol an Máistir le Gearóid Denvir, arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht
- Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi, arna fhoilsiú ag Leabhar Breac
- Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg le Biddy Jenkinson, arna fhoilsiú ag Coiscéim
Bhain na leabhair seo a leanas amach gearrliosta Ghradam Réics Carló 2011:
- Cócó an Colgán Cairdiúil le hAilbhe Nic Giolla Bhrighde, arna fhoilsiú ag Futa Fata
- Maitríóisce le Siobhán Parkinson, arna fhoilsiú ag Cois Life
- Ficheall le hÚna O’Boyle, arna fhoilsiú ag Úna O’Boyle
- Hiúdaí Beag le hEithne Ní Ghallchobhair, arna fhoilsiú ag Cló Mhaigh Eo
- Mac Rí Éireann le Caitríona Hastings, arna fhoilsiú ag An tSnáthaid Mhór
Buaiteoirí Leabhar na Bliana 2011
Gradam Uí Shúilleabháin
Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi, arna fhoilsiú ag Leabhar Breac
Máire Mhac an tSaoi, buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin lena leabhar Scéal Ghearóid Iarla
Gradam Réics Carló
Mac Rí Éireann le Caitríona Hastings, arna fhoilsiú ag An tSnáthaid Mhór
Seán Mac Sheáin leis an leabhar Mac Rí Éireann le Caitríona Hastings a bhuaigh Gradam Réics Carló
Comhdháil Faoin Léitheoireacht
Reachtáil Foras na Gaeilge comhdháil faoin léitheoireacht in Ionad Comhdhála Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 ar an 21-22 Meán Fómhair 2012. Ba bhé cuspóir na comhdhála ná theacht ar bhealaí le cur leis an líon daoine a léann leabhair Ghaeilge. I measc na n-ábhar a pléadh ag an gcomhdháil bhí staid reatha na litríochta, cleachtais idirnáisiúnta leis an léitheoireacht a chothú i measc an phobail, an léirmheastóireacht, agus dáileachán agus margaíocht na leabhar.
I láthair ag seoladh na comhdhála bhí, Ferdie Mac an Fhailigh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Aire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, Aedín Ní Bhroin Stiúrthóir Chlár na Leabhar Gaeilge & Seán Ó Coinn Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge
CLÁR NA COMHDHÁLA Anseo
Feachtais Mhargaíochta
Reachtáiltear feachtas Leabhar Power i rith na bliana ar fad i gcomhar le Foilsiú Éireann, An Comhairle Ealaíon, agus ÁIS chun leabhair Ghaeilge a chur os comhair an phobail.

Féilte/Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí Litríochta
Cuirtear maoiniú ar fáil d’fhéilte litríochta a dhéanann ceiliúradh ar scríbhneoireacht agus foilsitheoireacht na Gaeilge agus a chuireann litríocht na Gaeilge os comhair an phobail. Ina measc tá Féile Litríochta IMRAM a bhíonn ar súil san Fhómhar agus Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath a reáchtáiltear san Earrach.
Cuirtear maoiniú ar fáil freisin do ClubLeabhar.com atá á reáchtáil ag Gaelchultúr. Tá sé mar aidhm ag an suíomh seo lucht na Gaeilge in Éirinn agus thar lear a spreagadh chun leabhair a léamh agus iad a phlé i bhfóram an tsuímh seo
Taighde
I 2007 d’fhoilsigh Bord na Leabhar Gaeilge Tuarascáil Mhargaíochta ar leabhair Gaeilge neamhoideachasúil.
Chun teacht ar Taighde faoi Dhearcadh agus faoi Thuiscintí Gaeilgeoirí ar Leabhair Ghaeilge agus ar Leabhair Bhéarla cliceáil anseo
Chun teacht ar Tuarascáil maidir le Dearcadh agus Tuairimí i dtaobh Mhargadh na Leabhar Gaeilge Neamhoideachasúil cliceáil anseo
Comórtais Litríochta
Cuirtear duaischistí áirithe ar fáil do chomórtais litríochta éagsúla, ina measc Comórtais Liteartha an Oireachtais agus Comórtas Léirmheastóireachta Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá duaischiste freisin ar fáil do Leabhar Taighde na Bliana Fhoras na Gaeilge/ACIS. Spreagann comórtais mar seo daoine chun tabhairt faoi léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge.
An Fhoireann
Stiúrthóir: Aedín Ní Bhroin
Riarthóir Oifige: Caitlín Uí Mhéalóid
Cúntóir Oifige: Máire Uí Fhaogháin
Sonraí Teagmhála:
Clár na Leabhar Gaeilge, Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí.
Guthán: 046-9430419
Facs: 046-9430420
Ríomhphost: leabhar@forasnagaeilge.ie
Foilseacháin
Chun teacht ar Tuarascáil Bhliantúil 2007 Bhord na Leabhar Gaeilge cliceáil anseo
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


