Foras na Gaeilge
baile»Foras na Gaeilge»Foirmeacha Iarratais agus Scéimeanna Maoinithe» Maoiniú i gcomhair Ábhair Dhátheangacha/Ghaeilge
Maoiniú i gcomhair Ábhair Dhátheangacha/Ghaeilge | Funding for Bilingual/Irish Language Materials
Tá Foras na Gaeilge ag tairiscint maoiniú meaitseála do gach Fiontar Beag agus Meánach tríd an scéim a dtugtar breac-chuntas uirthi thíos. Chun an cúnamh seo a fháil cuir, go díreach, sonraí do chomhlachta ar an bhfoirm chuí tríd an bpost chuig:
Foras na Gaeilge, An Chrannóg, Na Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill
Scéim um Ábhair Dhátheangacha / Ghaeilge – Treoir Thapa
Í a chur in oiriúint do do ghnó:
- Áirítear ábhair nua agus ábhair in ionad seanábhar.
- Áirítear ábhair a bhaineann le hAitheantas Corparáideach (lógónna, brandáil ghinearálta, cinn litreach, scripteanna ríomhphoist, cártaí gnó, meabhráin, admhálacha, sonraisc, fógraí acmhainní daonna, foilseacháin, bileoga cumhdaigh i.e. facs agus ríomhphost, etc.); Suíomhanna Gréasáin, Pacáistíocht (ainmníocht táirgí, lipéadú, dearadh, etc.); Comharthaíocht Inmheánach (comharthaí sláinte agus slándála, uath-thaispeáintí ar an láthair, taispeáintí scipéad airgid, etc.); Ábhair Fógraíochta (seastáin taispeántais, bróisiúir, póstaeir, paimfléid, bileoga, srl).
- Ní gá ainm branda an ghnólachta a aistriú. Is é aidhm an chúnaimh seo branda do sheirbhíse / do tháirge reatha a fheabhsú tríd an nGaeilge a úsáid go comhlántach.
- Go hiondúil ar ábhair dhátheangacha beidh an Béarla agus an Ghaeilge le hais a chéile ar an ábhar céanna, nó, mar mhalairt, beidh an Béarla ar thaobh amháin agus an Ghaeilge ar an taobh eile de dhoiciméad. Is é seo an cleachtas is fearr, tá sé níos costéifeachtaí, agus ní theastaíonn ina chomhair aon dúbláil neamhriachtanach ar dhoiciméid oibriúcháin.
- Ba chóir d'iarratasóirí a chinntiú go léirítear gach téacs go dátheangach ar bhonn cothrom.
Cliceáil anseo chun foirm a fháil
Scéim 2013 - Oscailte go dtí 28 Meitheamh 2013
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


