Foras na Gaeilge
baile»Foras na Gaeilge»Foirmeacha Iarratais agus Scéimeanna Maoinithe»Scéim na nImeachtaí Óige
Scéim na nImeachtaí Óige | Youth Events Scheme
SCÉIM na nIMEACHTAÍ ÓIGE 2013/14, IMEACHTAÍ TRÍ MHEÁN NA GAEILGE DON AOS ÓG:
Maoiniú faoi bhun €5,000/£3,500stg
Tríd an scéim seo, tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge d’imeachtaí oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg agus a bhfuil mar aidhm acu “Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a neartú”. Ní mór imeachtaí feiliúnacha a chuirfidh le deiseanna úsáide na Gaeilge do dhaoine óga a bheith á reáchtáil idir 1 Meán Fómhair 2013 agus 30 Meitheamh 2014.
Tabhair faoi deara nach mbeidh Foras na Gaeilge ag dul i mbun aon chomhfhreagrais le hiarrthóirí i ndiaidh an spriocdháta go mbeidh an measúnú déanta. Mar sin de, cuirtear i gcuimhne do ghrúpaí gach ceist ar an fhoirm seo a chomhlíonadh agus gach ní ar an seicliosta a sholáthar roimh an spriocdháta. Má tá aon cheist ort faoi ghné ar bith den fhoirm ná den seicliosta, moltar duit teagmháil a dhéanamh le Foras na Gaeilge roimh an spriocdháta.
Tá roinnt leasuithe déanta sa scéim seo i mbliana. Moltar duit na critéir, treoirlínte agus an fhoirm iarratais a léamh go cúramach.
Foirm Iarratais Anseo
Foirm Critéir & Treoir Anseo
Tá an scéim seo dúnta.
Scéim na nImeachtaí Óige Scéim na nImeachtaí Óige
Foras na Gaeilge Foras na Gaeilge
Teach an Gheata Thiar 7 Cearnóg Mhuirfean
2-4 Sráid na Banríona Baile Átha Cliath 2
Béal Feirste
BT1 6ED
oideachas@forasnagaeilge.ie
Béal Feirste: 028 9089 0970
Baile Átha Cliath: 01 639 8400
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


