Foras na Gaeilge
baile»Foras na Gaeilge»Preasráitis»An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge: Eagarthóir Foclóireachta le hearcú
Preasráitis | Press Releases
An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge: Eagarthóir Foclóireachta le hearcú
03 Bealtaine 2007: ‘Tá áthas orm go bhfuil Foras na Gaeilge anois in ann post an Eagarthóra do Thionscadal an Fhoclóra Béarla-Gaeilge a fhógairt. Cuirfidh an ceapachán sinsearach seo go mór lenár gcumas brú ar aghaidh agus tús a chur le Céim a Dó den tionscadal seo.’ B’in a dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge agus é ag labhairt faoi thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge inniu.
Tionscadal ceannródaíoch is ea Tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, a fhoilseofar i bhfoirm leictreonach agus chlóite. Os cionn 50,000 ceannfhocal a bheidh ann, agus bainfear leas as uirlisí ríomhchuidithe agus as na modhanna foclóireachta is úrscothaí chun an obair a chur i gcrích.
Níl san fhógra seo ach an chéim is déanaí atá tugtha ag Foras na Gaeilge sa tionscadal tábhachtach seo. Lé déanaí ceapadh Cathal Convery mar Bhainisteoir ar an tionscadal. Tá Máistreacht san Aistriúchán (Gaeilge agus Fraincis) ag Cathal agus taithí na mblianta aige ar bhainistíocht tionscadal i réimse Theicneolaíocht na Faisnéise. Beidh Cathal anois i mbun Céim a Dó den tionscadal a thabhairt chun críche.
I measc na ngníomhartha eile atá beartaithe taobh istigh d’achar gairid tá:
· Dhá chúrsa san fhoclóireacht dhátheangach, ceann i mBéal Feirste agus ceann i gCorcaigh. Beidh an chéad cheann díobh seo á fhógairt i rith na seachtaine seo agus reáchtálfar é in Ollscoil na Banríona i Mí an Mheithimh. Cuirfear bunoiliúint ar dhaoine i ngairm na foclóireachta nua-aimseartha sa dá chúrsa seo.
· Forbairt bhreise ar Chorpas Náisiúnta na hÉireann.
· Painéal de phearsanra cáilithe a chur le chéile.
· Conraitheoirí le roghnú do Chéim a Dó.
Ach na gníomhartha seo a bheith i gcrích beifear in ann luí isteach ar thiomsú ábhar an fhoclóra féin idir an leagan leictreonach agus an leagan clóite.
Tuilleadh eolais ó:
Breandán Mac Craith
01 6398407 / 087 235 4834
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA
Priontáil


