Foras na Gaeilge

baile»Foras na Gaeilge»Preasráitis»Cumann Camógaíochta na nGael

Preasráitis | Press Releases

Cumann Camógaíochta na nGael

Baile Átha Cliath, Déardaoin 3 Meitheamh, 2004. Ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh inniu, agus iad ag ceiliúradh céad bliain de Chumann Camógaíochta na nGael, d’fhógair Foras na Gaeilge go mbeadh siad ag déanamh urraíochta ar Chraobh Camógaíochta Shinsearach na hÉireann arís i mbliana.

Rinne Bord na Gaeilge urraíocht ar an gcraobhchomórtas sin den chéad uair sa bhliain 1994 agus nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge lean siad orthu leis an urraíocht. Agus é ag fógairt na sonraí cuí maidir leis an urraíocht dúirt Seosamh Mac Donncha, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge gur ‘bliain thábhachtach í an bhliain 2004 do Chumann Camógaíochta na nGael, an banchumann spóirt is mó ar oileán na hÉireann a bhfuil níos mó ná 85,000 ball anois ann. Tá áthas orainn i bhForas na Gaeilge go bhfuil muid ábalta tacú leo arís i mbliana lenár gcuid urraíochta’.

Chomh maith leis sin dúirt Seosamh Mac Donncha; ‘Tá Cumann Camógaíochta na nGael ag déanamh tréaniarrachta suim a spreagadh sa chamógaíocht i scoileanna ar fud na tíre. Is cúis mhisniúil í an tacaíocht a thugann na meáin chumarsáide do Chumann Camógaíochta na nGael, don chomórtas sraithe agus do Chraobh Camógaíochta Shinsearach na hÉireann, do gach duine a bhfuil baint acu leis an gCumann’.

Ghabh Miriam O' Callaghan, Uachtarán Chumann Camógaíochta na nGael, buíochas le Foras na Gaeilge as an tacaíocht leanúnach a thugann siad don Chumann.  "Sa bhliain seo, ina bhfuil muid ag ceiliúradh céad bliain de chamógaíocht a bheith ar an saol, fáiltíonn muid roimh an tacaíocht a thugann Foras na Gaeilge dár gcluiche tríd an urraíocht a dhéanann siad ar chraobhchomórtas na camógaíochta - Craobh Shinsearach na hÉireann. Is í seo an deichiú bliain as a chéile a bhfuil urraíocht fhial déanta ag an bhForas ar an gCraobh. Le linn na mblianta sin tá dul chun cinn an-suntasach tagtha ar chultúr agus ar thraidisiúin na hÉireann mar gheall ar an stádas a thugann próifíl na hurraíochta sin dár dteanga dhúchais agus don chamógaíocht.

I mbliana beidh ocht bhfoireann páirteach i gCraobh Camógaíochta Shinsearach na hÉireann. Is iad foireann Thiobraid Árann na curaidh reatha agus d’fhógair siad inniu nach raibh siad chun scaoileadh leis an gcorn gan troid! Tá an seacht bhfoireann eile réidh don dúshlán, áfach. Bhí imreoirí as gach contae i láthair ag an seoladh.

Cuirfear tús le Craobh Camógaíochta Shinsearach na hÉireann, atá urraithe ag Foras na Gaeilge, Dé Sathairn 19 Meitheamh nuair a thabharfaidh Gaillimh aghaidh ar Thriobraid Árann agus nuair a thabharfaidh Aontroim aghaidh ar Chill Chainnigh. Beidh an cluiche ceannais ar siúl Dé Domhnaigh 19 Meán Fómhair i bPáirc an Chrócaigh.

I measc siúd a bhí i láthair ag an seoladh bhí Seosamh Mac Donncha, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Miriam O’ Callaghan, Uachtarán Chumann Camógaíochta na nGael agus Sharon Ní Bheoláin, láithreoir nuachta de chuid RTÉ, chomh maith le neart imreoirí agus bainisteoirí de chuid na bhfoirne a bheidh ag glacadh páirte ann.


Tuilleadh Eolais:  
Maura Howe, Financial Dynamics   
Teil: 00353 1 6633610/00353 87 6823566
Rphost: maura@fdireland.ie

Máire Uí Scolaí, PRO, Cumann Camógaíochta na Gael
Teil: 00353 1 2849805/00353 87 2797090
Rphost: pro@camogie.ie

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta.

Tuilleadh eolais