Foras na Gaeilge

baile»Foras na Gaeilge»Preasráitis»Preas Ráiteas 19/06/09

Preasráitis | Press Releases

Preas Ráiteas 19/06/09

Preas Ráiteas. 19/06/09

Ag cruinniú de bhord Fhoras na Gaeilge, a bhí ar siúl inniu i mBaile Átha Cliath, rinneadh plé ar réimse leathan ábhar, a raibh an conradh le nuachtán seachtainiúil Gaeilge a sholáthar ina measc.

Bhí sé riamh mar pholasaí ag Foras na Gaeilge, ó bunaíodh é i 1999, go bhfuil sé riachtanach go mbeadh nuachtán uile-oileánda, seachtainiúil ann agus rinneadh an polasaí sin a athdheimhniú ag an gcruinniú inniu.

Tuigeann bord an Fhorais go bhfuil deacrachtaí ag Móinéar Teo. agus tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge go leanfar leis an gcomhphlé leo. Tá sé de rún ag Coiste Nuachtán agus Irisí an bhoird bualadh le bainistíocht Mhóinéar Teo. chomh luath agus is féidir an tseachtain seo chugainn leis na deacrachtaí atá ag an gcomhlacht a phlé go mion. Tá bord Fhoras na Gaeilge dóchasach gur féidir teacht ar réiteach.

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta.

Tuilleadh eolais