Gné-Mhíreanna

baile»Gné-Mhíreanna

Feidhmchláir Ghaeilge don Ghuthán | Irish Language Phone Applications

28/06/2013

Tá Maithú, cuideachta TE de chuid na hÉireann, ag seoladh dhá fheidhmchlár Gaeilge SAOR IN AISCE do na siopaí iPhone agus Google Android App.

Is éard atá i gceist leis an ‘Get the Focal Irish Translator’ ná Aistritheoir Gaeilge déthreoch Gaeilge-Béarla, Béarla-Gaeilge ina bhfuil bunachar sonraí de bhreis agus 13,000 focal agus téarma a chónaíonn i do phóca.  Tá sé gasta agus cruinn, agus is féidir úsáid a bhaint as chun an tionscadal úd Gaeilge a dhéanamh, chun ailt a léamh as Gaeilge, nó chun ‘cúpla focal’ a líonadh isteach anseo agus ansiúd.  Má tá tú ar lorg cuidiú chun Gaeilge a labhairt bain triail as an leagan iomlán ina bhfuil fuaimniú ann do gach aistriúchán.

  • Tá sé thar barr le haghaidh dhaltaí na Gaeilge, múinteoirí nó díograiseoirí.
  • Déanann an feidhmchlár aistriúchán láithreach gan an gá le nasc leis an Idirlíon.
  • Tá spraoi ag baint leis agus tá sé so-úsáidte agus comhéadan iomasach d’úsáideoirí air.
  • Tá an t-ábhar faofa ag Foras na Gaeilge.

Is féidir teacht ar an bhfeidhmchlár ar an stóras iTunes App agus ar an stóras Android App agus an teideal ‘Get the Focal Free Irish Translator’, air.

Tá Maithú ag uasghrádú an fheidhmchláir iPhone ‘Get the Focal’ atá ann cheana féin le go n-áireofar ann:
Fuaimniú ionas go mbeidh tú ag labhairt Gaeilge gan mhoill

  • Cuardach ar líne le haghaidh breis agus 120,000 focal agus téarma, lena n-áirítear foclóir iomlán Uí Dhónaill.
  • Aistriúchán ar abairtí
  • Easpa fógraí: Is leatsa an scáileán iomlán

Is féidir le húsáideoirí reatha ‘Get the focal’ a bhfeidhmchlár a uasghrádú saor in aisce le rochtain a fháil ar an fheidhmiúlacht fheabhsaithe.  Is féidir le húsáideoirí nua an feidhmchlár a aimsiú ar an stóras iTunes App agus praghas €2.99 air

Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar http://www.getthefocal.com

Le tuilleadh eolais do na meáin a fháil déan teagmháil le do thoil le
Fiosrúcháin trí Bhéarla:  Kerrill Thornhill: kerrill@maithu.com
Fiosrúcháin trí Ghaeilge: Michael Thornhill: michael@maithu.com

Eolas faoi Maithú

Cuideachta TE teoranta is ea Maithú a bhunaigh na deartháireacha Michael, Kerrill agus David Thornhill as Droichead na Sionainne, Co. Uíbh Fhailí.    Is speisialtóirí iad i mbogearraí saincheaptha le haghaidh ríomhairí agus gléasannamóibíleacha agus i bhforbairt agus in óstáil fheidhmeanna an Ghréasáin. 

Cillian.ie

Tháinig Ciallian Ó Mongáin ar bord le haghaidh Get the Focal le dearadh agus le hinúsáidteacht an chomhéadain a fheabhsú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Maithú déan teagmháil le do thoil le Kerrill Thornhill ar 087 9349516
http://www.maithu.com

Féach sa Chartlann

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Gearrliosta Ghradaim Leabhar na Bliana - Leabhair Pháistí Éireann. Ainmníodh Na Laochra is Lú ar ghearrliosta 2013

Tuilleadh eolais