Gné-Mhíreanna

baile»Gné-Mhíreanna

Babóg Baby | Babóg Baby

04/03/2011

Béirín BB duaisbhainteach chun feidhmchlár iphone dá chuid féin a fháil
 
Tá BB, an béirín a bhfuil Gaeilge aige, ar an chéad bhréagán ar domhan a labhraíonn Gaeilge agus, ó Mhárta 7 ar aghaidh, beidh feidhmchlár iphone dá chuid féin aige.
 
Agus é ag trácht ar an dul chun chinn go dtí seo, arsa Adrian Devane, úinéir agus cruthaitheoir BábógBaby, “Tá mé thar a bheith sásta leis an spéis a léiríodh inár mbéirín BB in 2010 ó lainseálamar i nDeireadh Fómhair.Tá mé ar bís faoin mbliain seo le táirgí nua ag teacht chun cinn sa samhradh.Ina measc beidh an feidhmchlár iphone i mí an Mhárta.Beidh BB ar fáil i gcomhair na Nollag seo chugainn in ar a laghad 3 theanga, an Bhreatnais, Gaeilge na hAlban agus an Béarla.Tá an t-éileamh i bhfad níos mó na mar a bhíothas ag súil leis. Tá béiríní BB ag cur fúthu anois agus ag scaipeadh na Gaeilge in Alasca, Nua Eabhrac, Sydney, Frankfurt agus Beijing.”
 
Tá an dul chun cinn Éireanna seo tar éir Duais Óir a bhuachan cheana féin i rannóg na mbréagán leictreonach ag na Practical Pre-School Awards agus duais don Best Cuddly Bear ag na Toy Talk Awards, iad beirt sa RA.Idir an dá linn anseo in Éirinn, bhain Adrian féin Maternity and Infant Business Parent na bliana 2010 agus bhí sé sa dara háit in 2010 sna duaiseanna JCI Galway entrepreneur of the year.
 
Tá an iliomad duaiseanna bainte ag an mbéirín gleoite ildaite seo a mhúineann 33 focal i nGaeilge do thachráin agus do leanaí.Tá cnaipí geala ag BB le brú, agus mar fhreagra canann an béirín go lách focail Ghaeilge i gcomhair bunuimhreacha, dathanna agus cruthanna.  
 
Dóibh siúd atá ag iarraidh casadh le BB, is féidir aithne a chur air an mbéirín ar an suíomh idirghníomhach www.babogbaby.com, áis is féidir le tachráin, leanaí óga – agus daoine fásta – casadh le BB.
 
Comhlacht nua bréagán do leanaí, Bábóbaby Limited, a chéadcheap an béirín. Tá siad lonnaithe i Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe. Cuir Adrian Devane Bábógbaby ar bun go luath in 2010 chun uirlisí agus bréagáin a chur ar fáil do thachráin, leanaí agus tuismitheoirí chun na chéad chúpla focal a fhoghlaim.
 
“Chonaic mé bearna sa mhargadh nuair a rugadh ár gcéad leanbh. Thug mé féin agus mo bhean, Karen, faoi deara go raibh a lán bréagán ar fáil ach nach raibh aon cheann ann a labhair nó a theagasc Gaeilge,” arsa Adrian.“Mar sin d’fhiosraigh mé a raibh amuigh ansin, bhain mé cúpla béirín as a chéile agus fuair mé amach conas a oibríonn sé go léir!An chéad rud eile ná béirín a dhearadh a ‘labharfadh’ timpeall 30 focal.Shocraigh mé gur cheart gur uimhreacha, dathanna agus cruthanna a bheadh ann mar fhocail, agus le mo dhearthóir anseo i nGaillimh chruthaíomar ár mbéirín BB.Thaifead mé mo iníon Robin atá 4 bliana d’aois agus í ag rá na bhfocal agus tar éis roinnt míonna ag déanamh athruithe agus feabhsuithe thángamar ar BB a bhfuilimid go léir an-sásta leis.”
 
“Táimid inár gcónaí sa Ghaeltacht agus is mian linn níos mó Gaeilge a labhairt sa bhaile agus go mbeidh Gaeilge ag ár n-iníonacha, Robyn (4) agus Romy (3 mhí),” a dúirt sé.
 

 
Is é BB an béirín a bhfuil Gaeilge aige agus cosnaíonn sé €29.99 móid postas agus pacaistíocht, agus tá sé le fáil le ceannach ar líne anois ag www.babogbaby.com.

 
Tá bb ar fáil freisin ag Smyth’s Toys, Arnotts, Mothercare, Ken Black Toys, siopaí áirithe de chuid World of Wonder, Art & Hobby, BellaBaby, siopaí áirithe de chuid Toymaster agus siopaí éagsúla ar fud na tíre.
 
Is féidir leat bualadh isteach chuig BB chomh maith ar Facebook – níl le déanamh ach Babogbaby a lorg.
 
I comhair eolais do na meáin, déan teagmháil, le do thoil, le:
 
Adrian Devane
adrian@babogbaby.com
+353 87 2979 131
www.babogbaby.com

Féach sa Chartlann

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Gearrliosta Ghradaim Leabhar na Bliana - Leabhair Pháistí Éireann. Ainmníodh Na Laochra is Lú ar ghearrliosta 2013

Tuilleadh eolais