FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA
baile»Gné-Mhíreanna
23/01/2013
Féilire Imeachtaí i mBéal Feirste á sheoladh ag Méara na cathrach
Bhí Méara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Niall Ó Donnghaile, i láthair inniu (an 12 Meán Fómhair) in Ionad Fáilte Bhéal Feirste chun an chéad fhéilire d'imeachtaí Gaeilge ar fud chathair Bhéal Feirste a sheoladh. Beidh an fhéilire seo ina treoir ag turasóirí agus ag muintir Bhéal Feirste maidir le himeachtaí gach seachtain go dtí mí na Nollag 2011. Is comhthionscail é an féilire imeachtaí seo idir Ionad Fáilte Bhéal Feirste agus na sé ghrúpa pobail sna sé chontae a fhaigheann maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.
"Tá de cháil ar Chathair Bhéal Feirste cheana féin gur inti atá an chéad cheantar Gaeltachta i mbaile mór," arsa an Méara Ó Donnghaile, "mar gheall ar an "gCeantar Gaeltachta" iomráiteach atá againn in iarthar na cathrach. Tá borradh mór le tabhairt faoi deara faoi úsáid na Gaeilge ar fud cheantracha eile na cathrach le blianta beaga anuas agus a lorg sin le feiceáil go sonrach ar an fhéilire seo. Molaim go tréan do mhuintir Bhéal Feirste páirt a ghlacadh sna himeachtaí éagsúla agus cuidiú leis an tionscnamh seo." 
Tá níos mó ná 140 imeacht ar liosta Fhéilire na nImeachtaí, ina measc ranganna Gaeilge, ranganna amhránaíochta, turais chultúrtha, clubanna óige agus Clubanna an Domhnaigh do dhaoine fásta a mbeidh ceol, filíocht, gearrscannáin, tráth na gceist agus comhrá i gceist leo. I measc na ngrúpaí pobail Gaeilge atá ag reachtáíl na n-imeachtaí tá Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain (Tuaisceart Bhéal Feirste), Croí Éanna (Mórcheantar Thuaisceart Bhéal Feirste), An Droichead (Deisceart & Oirthear Bhéal Feirste), Ionad Uíbh Eachach, Glór na Móna agus Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich (Iarthar Bhéal Feirste).
“Beart nua seo a bhfuil an-ghealadh faoi” arsa Ferdie Mac an Fhailigh, Príomh-Fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. “Tagann i gceist leis seo go bhfuil imeachtaí Gaeilge ina gcuid dhílis den tsaol mhealltach cultúir i mBéal Feirste agus á fhairsingiu á chur le ról na Gaeilge ar fud Bhéal Feirste ar fad. Is breá le Foras na Gaeilge cúnamh a thabhairt maidir leis an liosta seo agus tá súil againn go mbeidh deis ag gach duine páirt a ghlacadh i gcuid den réimse leathan imeachtaí atá á gcur ar siúl."
Tá an Féilire le fáil le híoslódáil Anseo
Tá breis eolais ar fáil ó:
Natasha Fennell, Stillwater Communications Breandán Mac Craith, Foras na Gaeilge
T: 00353 1 6770630 R: natasha@stillwater.ie T: 00353 1 639 8400 R: bmaccraith@forasnagaeilge.ie
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


