Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh Léirithe Spéise.
Déanann Foras na Gaeilge ionadaíocht ar roinnt coistí tabhachtacha atá gníomhach in earnálacha éagsúla.
Beidh tréimhsí na gcoistí thíosluaite ag teacht chun deiridh agus tá Foras na Gaeilge ag iarraidh liosta a chur le chéile de dhaoine a bheadh feiliúnach le hionadaíocht éifeachtach a dhéanamh ar na coistí nua ina ainm:
• Coiste Athbhreithnithe na Sraithe Sóisearaí
• Coiste na Sraithe Sinsearaí
• Coiste Luathoideachais agus Bunscoile
• Coiste Teanga Luathoideachais agus Bunscoile
Iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil suim acu i réimse ar bith acu seo nóta gairid a chur chuig Foras na Gaeilge ag leagan amach cén fath a síleann siad a bhfuil siad feiliúnach agus an taithí agus na scileanna a thabharfaidh siad leo chuig an obair.
Léirithe Spéise
Foras na Gaeilge
7 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2