Gné-Mhíreanna

baile»Gné-Mhíreanna

Sraith nua ar Raidió na Life | New Series on Raidió na Life

27/07/2012

‘Spioradáltacht ar Leith’- Clár Faisnéise ar leith!

‘Spioradáltacht ar Leith’- sraith faisnéise úrnua ar Raidió na Life 106.4FM, gach tráthnóna Aoine ag 6.30 i.n., ag tosnú Dé hAoine 3ú Lúnasa 2012.

Cuirfear tús le sraith faisnéise tráthúil ar Raidió na Life 106.4 FM Dé hAoine, 3ú Lúnasa 2012 ag 6.30 i.n. darbh ainm ‘Spioradáltacht ar Leith’.  Bí in éindí le Judy-Meg Ní Chinnéide agus í ar aistear spioradálta thart timpeall ar Bhaile Átha Cliath, ag foghlaim faoi chórais chreidimh ilchineálacha agus na comhphobail a bhaineann leo.

Le linn sé chlár aonair, beidh tuiscint agus léargas pearsanta le fáil ó bhaill na gcomhphobail spioradálta éagsúla faoina gcreidiúintí agus a gcuid eispéiris.  I measc imeachtaí eile, beidh Judy-Meg ag tabhairt cuairt ar mhosc; ag freastal ar sheirbhís Soiscéalach agus ag dul i mbun machnamh Búdaíoch.

Is le cúnamh airgeadais ó scéim mhaoinithe chraoltóireachta Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an léiriúchán seo.  Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gclár déan teagmháil le: 
Judy-Meg Ní Chinnéide, Léiritheoir agus láithreoir ‘Spioradáltacht ar Leith’ ag 086 8629127 nó judy.meg@gmail.com

Faoi Raidió na Life:
Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 1993 mar stáisiún sainspéise pobail.  Tá cáill ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí agus spéiseanna i measc lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus a thugann dearcadh eile ar chúrsaí nuachta is cúrsaí cultúrtha don lucht éisteachta.  Aithnítear an stáisiún as ucht a réimse eicléictiúil ceoil (lena n-áirítear ceol traidisiúnta, snagcheol, rac-cheol, reggae, ceol clasaiceach, ceol domhanda, ceol damhsa, dord agus droma, miotal trom, r’n’b, ceol ailtéarnach, popcheol srl).   Craolann RnaL 7 lá sa tseachtain, Luan – Aoine ó 08:00 – 04:00 agus thart timpeall an chloig ag an deireadh seachtaine ar 106.4FM in Átha Cliath agus is féidir éisteacht linn beo ar raidionalife.ie freisin.  Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge. 

Bronnadh ‘An Gradam Pobail’ ar an stáisiún sa Bharr 50 Gnó le Gaeilge 2010 agus bhuaigh sé Duais Údarás Craolacháin na hÉireann do Stáisiúin Raidió Pobail i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael i 2010 chomh maith.

Féach sa Chartlann

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Gearrliosta Ghradaim Leabhar na Bliana - Leabhair Pháistí Éireann. Ainmníodh Na Laochra is Lú ar ghearrliosta 2013

Tuilleadh eolais