Gné-Mhíreanna

baile»Gné-Mhíreanna

Forbairt na Sochaí Dátheangaí | Building a Bilingual Society

24/11/2008

Is i mbliana don chéad uair go raibh gné chinnte ag an nGaeilge i gComórtas na mBailte Slachtmhara. Tugadh deiseanna do phobail éagsúla a lé agus a ndúthracht i leith na teanga a léiriú i gcomórtas speisialta faoin teideal “Forbairt na Sochaí Datheangaí”. Roinneadh na hiarratais i gceithre cinn de chatagóir go mbeadh deiseanna ag na pobail éagsúla cur isteach air. B’iad sin Sráidbhaile, Baile Beag, Baile Mór agus Lárcheantar Uirbeach le duais de €2,000 le baint i ngach ceann díbh. Ina theannta bhain an Buaiteoir Foriomlán €3,000 agus €4,000 i dtreo na fógraíochta aitiúla.

NA BUAITEOIRÍ                                                        

Buaiteoir Foriomlán

CATHAIR NA MART, CO. MHAIGH EO

Duais Speisialta Aitheantais

BÉAL ÁTHA AN GHAORTHAIDH, CORCAIGH

Baile Beag is Fearr

ÁTH BUÍ, CO. NA MÍ                                                                

Lárcheantar Uirbeach is Fearr           

INIS, CO. AN CHLÁIR

Sráidbhaile is Fearr

BÉAL AN ÁTHA MHÓIR, CO. LIATROMA

Fógraíodh Coiste Bhailte Slachtmhara Chathair na Mart go hoifigiúil mar bhuaiteoir an tionscnaimh ‘Forbairt na Sochaí Dátheangaí’ faoi urraíocht Fhoras na Gaeilge. Bronnadh an gradam ag searmanas na mBailte Slachtmhara i gCaisleán Átha Cliath ar an 10 Meán Fómhair, agus ina theannta sin bronnadh duais €7,000 (€3,000 móide €4,000 i dtreo na fógraíochta áitiúla) ag ócáid réigiúnach.

Léiríonn tabhairt isteach an tionscnaimh, ‘Forbairt na Sochaí Dátheangaí’, mar ghradam iomlán le ceithre chatagóir faoi, tiomantas méadaithe ó na Bailte Slachtmhara d’úsáid na Gaeilge ag leibhéal an phobail, agus neartaíonn sé an chomhpháirtíocht idir Foras na Gaeilge agus lucht eagraithe an chomórtais.

Critéir an Chomórtais 2007

Déanadh rannpháirtithe na mbailte agus na sráidbhailte ar fad a mheas bunaithe ar an dul chun cinn atá déanta acu sna catagóirí seo á leanas:

  • An Ghaeilge sa Phobal
  • An Ghaeilge i Réimse an Ghnó
  • An Ghaeilge i Réimse an Oideachais
  • An Ghaeilge san Earnáil Phoiblí

Is tionscnamh é ‘Forbairt na Sochaí Dátheangaí’ de bhreis ar an bpríomhchomórtas, agus díríonn sé ar ról na Gaeilge agus ról phobal na Gaeilge sa timpeallacht áitiúil, trí feiceálacht na Gaeilge go príomha.

Roghnaíodh Coiste Bhailte Slachtmhara Chathair na Mart as ucht a thiomantais d’fhorbairt sochaí dátheangaí, agus tugadh aitheantas dó thar an gceithre chatagóir thuas luaite. Bhí an coiste tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge agus bhunaigh siad fochoiste dírithe ar an teanga amháin. Cruthaíodh tréan-naisc le roinnt eagraíochtaí cultúrtha sa bhaile chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Ina theannta sin, d’éirigh leis an gcoiste aos óg an bhaile a mhealladh chun a bheith páirteach in obair na mbailte slachmhara, agus spreag siad 16 gnó áitiúla chun comharthaí dátheangacha a chrochadh. Anuas air sin, tá samplaí de shochaí dhátheangach thart timpeall Chathair na Mart, le comharthaí dátheangacha sa stáisiún traenach, san ionad fóillíochta, san ionad sláinte, i dteach na cúirte agus i Stáisiún na nGardaí. Tá meaisín ticéad ag an stáisiún traenach i gcúig theanga éagsúla, an Ghaeilge ina measc!

I measc na mbuaiteoirí eile bhí Inis, Co. an Chláir don Lárcheantar Uirbeach is fearr (ag fáil €2,000 i nduaiseanna); Áth Buí, Co. na Mí don Bhaile Beag is fearr (ag fáil €2,000 i nduaiseanna); Béal an Átha Mhóir, Co. Liatroma don Sráidbhaile is fearr (ag fáil €2,000 i nduaiseanna); agus tugadh gradam speisialta aitheantais do Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí.

Ba bhreá le Foras na Gaeilge comhghairdeas a dhéanamh le buaiteoirí “Forbairt na Sochaí Dátheangaí” agus buíochas a ghábháil leis na pobail éagsúla a chuir spéis sa chomórtas seo. Moltar an dúthracht i leith na teanga a léiríodh sa chomórtas seo agus an fhís atá ag na pobail maidir leis na bealaí éagsúla gur féidir linn an ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Le comóradh 50 Bliain de Chomórtas na mBailte Slachtmhara in 2008, beifear ag súil le tógáil ar an tsuim nua atá léirithe ag Coistí na mBailte Slachtmhara agus tá fáilte roimh choisteoirí dul i dteagmháil lenár Rannóg Tacaíochta Gnó chun tuilleadh eolais a fháil ar an chuidiú a bheidh ar fáil ó Fhoras na Gaeilge idir an dá linn: gno@forasnagaeilge.ie +353 1 6398404

Féach sa Chartlann

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta.

Tuilleadh eolais