Foras na Gaeilge
baile»foras na gaeilge»an coiste téarmaíochta
An Coiste Téarmaíochta | The Terminology Committee
- Misean
- Stair
- Ról
- Freagrachtaí
- Tionscadail i gcomhpháirt le hEagraíochtaí Poiblí
- Téarmaíocht an Choiste Téarmaíochta ar líne - www.focal.ie
- Ballraíocht (Cliceáil anseo)
- Foireann
Misean
Téarmaíocht údarásach chaighdeánach i nGaeilge a fhorbairt, a fhaomhadh agus a chur ar fáil chun acmhainn na teanga mar mheán nua-aoiseach i sochaí nua-aoiseach a mhéadú, de réir na riachtanas reachtúil.

Stair
- Is laistigh den Roinn Oideachais a forbraíodh obair na téarmaíochta Gaeilge ar feadh bhunús an chéid seo caite.
- Tháinig coistí le chéile chomh fada siar le 1927 chun téarmaíocht a sholáthar don chóras oideachais. Bhunaigh an tAire Oideachais An Buanchoiste Téarmaíochta i 1968.
- I 1999 tháinig an Coiste agus a chúraimí faoi choimirce Fhoras na Gaeilge, de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Ról
Tionóltar cruinnithe míosúla den Choiste Téarmaíochta, a bhfuil 18 ball air,in oifigí Fhoras na Gaeilge i Sráid Fhreidric Thuaidh. Socraíonn siad prionsabail téarmaíochta, déanann an obair a phleanáil agus a mhaoirsiú trí fhochoistí a bhunú agus déileálann le fiosruithe ilghnéitheacha.
Na Fochoistí - grúpaí níos lú de shaineolaithe i sainréimsí eolais. Pléann siad le liostaí substaintiúla de shaintéarmaí teicniúla agus ullmhaíonn ábhar sainfhoclóirí. Ag éirí as obair na bhfochoistí foilsíodh os cionn 20 foclóir saintéarmaíochta go dtí seo. (Cliceáil anseo)
(Is go deonach a thugann baill na gcoistí go léir a gcuid ama is saineolais.)
Freagrachtaí
- Stádas na Gaeilge a threisiú trí théarmaíocht údarásach chaighdeánach a fhorbairt.
- Téarmaíocht údarásach chaighdeánach a chur ar fáil don phobal trí na meáin is éifeachtaí agus is nua-aimseartha.
- Riachtanais téarmaíochta earnáil an oideachais, na Seirbhísí Stáit agus an phobail i gcoitinne a chomhlíonadh.
- Foclóireacht na Gaeilge a éascú trí bhunachar sonraí éifeachtach téarmaíochta a bhunú agus a chothabháil mar chuid riachtanach de phleanáil leanúnach corpais.
- Tarraingt ar shaibhreas agus ar ilghnéitheacht an traidisiúin bhéil agus liteartha le linn fhorbairt na téarmaíochta atá riachtanach do gach feidhm chomhaimseartha teanga.
- Dea-chleachtas maidir le seirbhísí an Choiste Téarmaíochta a fhorbairt trí nósanna agus shaoráidí nua-aimseartha oibre.
Tionscadail i gComhpháirt le hEagraíochtaí Poiblí agus Príobháideacha
Rinne an Coiste Téarmaíochta obair i gcomhar le heagraíochtaí poiblí agus ar thionscadail eile phobail, trí chomhairle téarmeolaíochta a sholáthar dóibh. Foilsíodh 15 chinn d’fhoclóirí nó lámhleabhair Bhéarla-Ghaeilge mar thoradh ar chomhoibriú den chineál seo. Cliceáil Anseo
Chomh maith leis sin, chuir an Coiste comhairle agus tacaíocht ar fáil agus áiseanna leictreonacha á n-ullmhú ag cuideachtaí Microsoft, Sony, Rosetta Stone, agus Gléacht Corporation.
Téarmaíocht an Choiste Téarmaíochta ar líne
Bunachar Téarmaí don tSeirbhís Phoiblí
Bunachar de théarmaí bunúsacha i gcomhair comharthaíochta agus fógraí.
http://www.forasnagaeilge.ie/using/terms/terms.asp
Suíomh acmhainn.ie – saoráid d’aistritheoirí
Tá 11 sainfhoclóir, 11 sainliosta agus 2 liosta ilghnéitheacha, iad ar fad faofa ag an gCoiste, ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo thíos (a bhí maoinithe ag Foras na Gaeilge):
www.acmhainn.ie
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta
Tá an t-ábhar thuasluaite móide foinsí breise tugtha le chéile in aon fhoinse amháin ar an suíomh seo. Baineann cuid den ábhar le dréachtliostaí nach bhfuil réidh le foilsiú go fóill agus tá na téarmaí sin marcáilte dá réir. Tá obair eagarthóireachta leanúnach ar bun ar ábhar an bhunachair seo ag foireann an Choiste Téarmaíochta agus foireann FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá liostaí breise á gcur leis go rialta agus tá áiseanna breise á bhforbairt chun úsáid an tsuímh agus rochtain ar stór téarmaíochta an Choiste Téarmaíochta a éascú don úsáideoir. www.focal.ie
Foclóirí foilsithe
Tá 20 foclóir téarmaíochta agus dlúthdhiosca téarmaíochta (a bhfuil 9 gcinn d’fhoclóirí air) ar fáil le ceannach nó le hordú ó shiopaí leabhair. (Cliceáil anseo)
Liostaí agus Foclóirí Eile
Tá roinnt liostaí agus foclóirí ar fáil le híoslódáil i bhfoirm cáipéisí Word. Cuid acu is liostaí gearra iad a bhaineann le réimsí ar leith, cuid eile is foclóirí iad atá as cló nó nach raibh ar fáil go dtí seo ach i bhfoirm leictreonach. (Cliceáil anseo)
Treoirlínte faoi obair théarmeolaíochta
Tugann foireann an Choiste ceardlanna faoi ghnéithe d’obair na téarmeolaíochta ar bhonn rialta. Tá roinnt acmhainní eolais ar fáil anseo: (Cliceáil anseo)
Foireann
Máire Nic Mheanman, Príomhthéarmeolaí
Jenny Ní Chumhaill, Téarmeolaí Cúnta
Sonraí Teagmhála
Teil: +353 1 889 2814/2817
Facs: +353 1 889 2828
R-phost: tearmai@forasnagaeilge.ie
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


