Foras na Gaeilge
baile»foras na gaeilge»oideachas
Oideachas | Education
- Misean

- Ról
- Freagrachtaí
- Scéimeanna
- Acmhainní Oideachasúla le hOrdú
- Tacaíochtaí eile do mhúineadh na Gaeilge agus múineadh trí mheán na Gaeilge
- Rannpháirtíocht Fhoras na Gaeilge sa Chóras Oideachais
- An Fhoireann
- Sonraí Teagmhála
Misean
Tacú le múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge.
Ról
- Comhairle i leith na Gaeilge i réimse an oideachais a chur ar an dá Rialtas, ar na ranna oideachais agus ar a n-ionadaithe agus ar an bpobal i gcoitinne.
- Áiteamh agus, nuair is gá, brú a chur ar eagraíochtaí oideachais chun áit na Gaeilge sa réimse a dhaingniú idir mheon agus pholasaí.
- Comhoibriú le, éascú a dhéanamh ar agus feidhmiú mar idirghabhálaí agus mar chomhairleoir d’eagraíochtaí agus do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn acu i réimse an oideachais mar phróiseas fadsaoil.
- Cabhrú le forbairt agus le soláthar
- cursaí foghlama Gaeilge agus cúrsaí trí mheán na Gaeilge ag gach leibhéal
- acmhainní oideachasúla ar gach leibhéal.

- An Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné den réimse oideachais mar phróiseas fadsaoil.
- Ionadaíocht a ghlacadh ar agus aighneachtaí a chur faoi bhráid Coistí agus Fóraim Rialtais a bhfuil téarmaí tagartha oideachasúla acu.
- Tacú agus cabhrú le chur chun cinn, foghlaim agus úsáid na Gaeilge i ngach gné den phróiseas oideachais fadsaoil.
SCRÚDUITHE TEG 2013
Beidh scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ar siúl in ionaid ar fud na tíre (Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Luimneach, Ciarraí, Corcaigh, Cill Chainnigh, Má Nuad & Béal Feirste) ar na dátaí seo:
B2 20.04.2013
B1 27.04.2013
A2 11.05.2013
A1 25.05.2013
Seo do sheans cáilíocht aitheanta a bhaint amach sa Ghaeilge. Is féidir aitheantas a fháil ar scileanna labhartha Gaeilge den chéad uair i mbliana agus an scrúdú cainte amháin a dhéanamh.
Tuilleadh eolais ag www.teg.ie nó cuir glaoch ar 01 7083737.
Scéimeanna
Bunmhaoiniú
Soláthar agus riaradh deontais bhliantúla do phríomheagrais Ghaeilge a fhreastalaíonn ar chur chun cinn na Gaeilge laistigh den Earnáil Oideachais ar bhonn náisiúnta. San áireamh, tá: FNT, Gaelscoileanna Teo, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Altram, an tÁisaonad, Gael-linn, Comhluadar, Cumann na bhFiann
Scéim na gCampaí Samhraidh
Aidhm: 1. Tacú le grúpaí taobh amuigh den Ghaeltacht campaí samhraidh a reáchtáil trí mheán na Gaeilge idir 2 Iúil 2012 agus 31 Lúnasa 2012.
2. Tacaíocht ar fáil: Suas le €5,000 / £3,500 – le táillí na ndaoine óga a choinneáil íseal
3. Spriocghrúpa: i. Páistí idir 3 agus 18 bliana ii. Lucht eagraithe na gcampaí – múinteoirí Gaeilge, oibrithe deonacha
4. Stádas: Oscailte
Chun breis eolais a fháil maidir leis an scéim seo Cliceáil Anseo
GLEO 2011 - Micheál Ó Muircheartaigh a bhí sásta a bheith ar ais i bPáirc an Chrocaigh i dteannta cuid dona páistí scoile a chroch le gradaim GLEO 2011
- Aidhm: Tacú le grúpaí nó le daoine taobh amuigh den Ghaeltacht imeachtaí trí mheán na Gaeilge a reáchtáil don aos óg lasmuigh d’am scoile idir 1 Meán Fómhair 2012 agus 30 Meitheamh 2013. Tacaíocht ar fáil: Suas le €5,000 / £3,500 – le táillí na ndaoine óga a choinneáil íseal
- Spriocghrúpa:
i. Páistí idir 3 agus 18 bliana
ii. Lucht eagraithe na gcampaí – múinteoirí Gaeilge, oibrithe deonacha - Stádas: (Oscailte) Chun eolas breise a fháil maidir leis an scéim seo cliceáil anseo .

GLEO (Gaeilge Labhartha san Earnáil Oideachais)
-
Tugann Foras na Gaeilge cuireadh do
scoileanna físeán gairid a léiriú a thaispeánfaidh
sárchleachtas na scoile i leith na Gaeilge
labhartha. Bíodh spraoi agaibh le GLEO
agus tú ag cruthú físeán nuálach trí Ghaeilge.
Tabharfar aitheantas
do scoileanna ag trí
leibhéal éagsúla. Cliceáil Anseo - Is féidir teacht ar Acmhainní le hOrdú Anseo
Tacaíochta eile do mhúineadh na Gaeilge agus múineadh trí mheán na Gaeilge
- Seirbhís Áiseanna
- Aidhm:
i. Áiseanna ar leith a chur ar fáil do scoileanna ó am go chéile a thacódh le múineadh na Gaeilge - Tacaíocht ar fáil saor in aisce (ach an stoc a bheith ann):
- Póstaeir
- Cártaí imeartha
- Pinn/Pinn ildaite
- Rialóirí
- Greamáin
- Dlúthdhioscaí a théann le scéalta (dhá sheit difriúla) - Spriocghrúpa:
Daltaí atá ag foghlaim na Gaeilge ar oileán na hÉireann
Lucht teagaisc na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal - Ar fáil go leanúnach, ach dóthain stoic a bheith ann
- An Gúm – áiseanna teagaisc don bhunleibhéal agus don iarbhunleibhéal, Séideán Sí san áireamh, leabhair fhicsin agus neamhfhicsin, ábhar léitheoireachta
- www.focal.ie Bunachar sonraí téarmaíochta ar líne
- WinGléacht – Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar fáil ar CD-ROM
- www.gaeilge.ie
i. Eolas faoin nGaeilge
ii. Eolas faoi chúrsaí Gaeilge
iii. Eolas faoi áiseanna teagaisc don Ghaeilge do gach leibhéal ón réamhscolaíocht go dtí daoine fásta
Rannpháirtíocht Fhoras na Gaeilge sa Chóras Oideachais
- Grúpa Stiúrtha ar Pholasaí Tumoideachais (GSPT) – an Grúpa seo bunaithe againn i 2006 le polasaí tumoideachais uile-oileánda a aontú le páirtithe leasmhara eile.
- Coiste Comhordaithe don Ghaeilge sa Chóras Oideachais (CCGCO)
- Ionadaíocht ar chomhairle na CNCM.
- Grúpa Comhairleach don Fhoireann Tacaíochta don Dara Leibhéal
- CATOC (Comhchoiste um Áiseanna, Tacaíocht, Oiliúint is Curaclam)
- Ionadaíocht ar COGG
An Fhoireann
An Rannóg Oideachais
Oifig BÁC
Seán Ó Coinn
Seosamh Ó Coinne
Ré Ó Baoill
Caitlín Ní Chonghaile
Oifigí Bhéal Feirste:


Ciarán Mac Giolla Bhéin
Séamus Mac Conmidhe
Sonraí Teagmhála:
Oifig Átha Cliath:
Teil: + 353 1 639 8400
Facs: + 353 1 639 8401
Oifig Bhéal Feirste:

Teil: +44 28 90890970
Facs: +44 28 90890972
Oifig Ghaoth Dobhair:
Teil: +35374 9560113 / 9560114
R-phost: oideachas@forasnagaeilge.ie
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA



