Foras na Gaeilge
baile»foras na gaeilge»pobal agus gnó
Pobal agus Gnó | Community and Business
Misean
Forbairt agus freastal a dhéanamh ar chur chun cinn na Gaeilge san Earnáil Phobail agus san Earnáil Ghnó Phríobháideach.
Ról
Is iad príomhróil na Rannóige Pobail agus Gnó ná:
- Úsáid na Gaeilge sa phobal ar fad a chur chun cinn agus a fhorbairt.
- Úsáid na Gaeilge san earnáil phríobháideach a fhorbairt.
Freagrachtaí
- An Ghaeilge a chur chun cinn san Earnáil Phobail agus san Earnáil Ghnó Phríobháideach ar bhonn uile-Éireann agus thar lear nuair is cuí sin.
- Bunmhaoiniú a sholáthar agus a riaradh do phríomheagrais Ghaeilge na hEarnála Pobail

- Scéimeanna tacaíochta maoinithe a fhorbairt agus a fheidhmiú go cuí do rannpháirtithe ón Earnáil Phobail.
- Deontais forbartha agus maoiniú meaitseála a sholáthar do scairshealbhóirí cuí chun infheictheacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú agus a normalú i gcoitinne laistigh den earnáil ghnó ar bhonn uile-Éireann.
- Ábhair taighde a bhaineann le húsáid na Gaeilge san Earnáil Phobail agus san Earnáil Ghnó Phríobháideach a fhorbairt agus a thionscnamh le páirtithe leasmhara cuí.
- Forbairt agus soláthar áiseanna tacaíochta cuí don Earnáil Pobail agus don Earnáil Ghnó Phríobháideach.
- Rannpháirtíocht i bpleanáil straitéiseach, i gcomhar le scairshealbhóirí cuí eile na hEarnála Pobail agus na hEarnála Gnó Príobháidí, maidir le húsáid agus cur chun cinn na Gaeilge i réimsí an dá earnáil faoi seach.
Déanfar sin trí na Scéimeanna agus Tacaíocht eile:
___________________________________________________________________________
- Comhpháirtíochtaí Urraithe
- Tacaíocht don Earnáil Ghnó Phríobháideach
- Taighde na Rannóige
- Soláthar Áiseanna agus Tacaíochta Eile
Bunmhaoiniú
Soláthar agus riaradh deontais bhliantúla do phríomheagrais Ghaeilge a fhreastalaíonn ar chur
chun cinn na Gaeilge laistigh den Earnáil Phobail ar bhonn náisiúnta.
San áireamh, tá: Comhaltas Uladh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Conradh na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge Teo. Forbairt Feirste, Glór na nGael, Iontaobhas Ultach, An tOireachtas, Pobal, Raidió Fáilte, Raidió na Life.
Scéimeanna Tacaíochta Maoinithe (An Earnáil Phobail)
Tacaíocht mhaoinithe a chur ar fáil do gheallsealbhóirí eile na hEarnála Pobail Ghaeilge trí scéimeanna poiblí chun úsáid agus normalú na Gaeilge a spreagadh ar bhonn logánta.
Déantar maoiniú a bhronnadh agus a sholáthar bunaithe ar chritéir a fhógraítear sna meáin náisiúnta.
Scéimeanna Deontais Reatha
I measc na scéimeanna deontais reatha, tá:
An Ghaeilge sa Phobal
Oscailte
Scéim tacaíochta de dheontas suas go €5,000 / £3,500 ar fáil do choistí pobail leis an nGaeilge a spreagadh agus a úsáid ar bhonn logánta. Spriocdáta 8 Márta 2013 Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais
Scéim Phobail Gaeilge 2011-2013
Scéim na nOifigeach Forbartha Gaeilge: Cuirtear deontas trí bliana do choistí Gaeilge chun clár gníomhaíochtaí Gaeilge a chur i gcrích laistigh den cheantar ina bhfuil siad ag feidhmiú. Dúnta
San áireamh sa ghréasán uile-oileánda reatha seo d’oifigigh fhorbartha Gaeilge, tá: An Clár as Gaeilge (Inis), Coiste Forbartha Charn Tóchair (Machaire Fíolta), Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain (Béal Feirste), An Droichead (Béal Feirste), Gaelfhorbairt na Gaillimhe (Gaillimh), Gaelphobal Cheantar an tSratha Báin (An Srath Bán), Glór Cheatharlach (Ceatharlach), Glór Gaeilge Locha Riach (Baile Locha Riach), Ionad Uíbh Eachach (Béal Feirste), Muintir Chrónáin (Baile Átha Cliath), Coiste Dúiche Mhaigh Eo (Maigh Eo), CnaG Boirche Íochtar (An Dún), Cumann Gaelach na hEaglaise (Baile Átha Cliath), Cairde Teo (Ard Mhacha), Cairde Uí Néill (Tír Eoghain), Glór na nGael, Uachtar Tíre (An Dún), Glór na Móna (Aontroim), CnaG, Craobh an Aonaigh (Tiobraid Árainn), Croí Éanna (Aontroim)
Chun teacht ar an leabhrán 'Cumasú agus Cothú' cliceáil ar an iomhá thíos.
Comhpháirtíochtaí Urraithe
Tá comhpháirtíochtaí straitéiseacha cruthaithe ag Foras na Gaeilge chun tacaíocht bhreise a sholáthar do pháirtithe na hEarnála Gnó trí urraíocht a dhéanamh ar ócáidí / ar ghníomhaíochtaí leasmhara atá ar siúl san Earnáil Ghnó Phríobháideach ach go háirithe. I measc na dtionscnamh is mó a reáchtáladh le déanaí, tá:
All-Ireland Marketing Awards
Tá Foras na Gaeilge mar phríomhpháirtí Gaeilge ar an ócáid seo atá eagraithe ag Institiúd Margaíochta na hÉireann. Aithníonn na Gradaim seo sárchleachtas in earnáil na margaíochta ar fud na tíre. Áirítear mar chuid den ócáid seo an chatagóir ‘Gnó trí Ghaeilge / Business Through Irish’ atá urraithe ag Foras na Gaeilge. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
Cliceáil anseo le haghaidh gearrliosta agus buaiteoir 2009 a fheiceáil.
Cliceáil anseo le haghaidh gearrliosta agus buaiteoir 2010 le feiceáil
Barr-Chaoga Gnó le Gaeilge
Bhí Foras na Gaeilge mar phríomhpháirtnéir Gaeilge ar an ócáid bhliantúil uile-Éireann seo a d'aithin an caoga gnólacht is fearr a d'úsáid Gaeilge mar uirlis ghnó thairbheach. Is i gcomhar le Grúpa Meán Bhéal Feirste agus ionadaithe na hEarnála Gnó Príobháidí a eagraíodh an ócáid.
Cliceáil anseo le haghaidh Barr-Chaoga 2006
Cliceáíl anseo le haghaidh Barr-Chaoga 2007
Cliceáil anseo le haghaidh Barr-Chaoga 2008
Cliceáil anseo le haghaidh Barr-Chaoga 2010
Cliceáil anseo le haghaidh Barr-Chaoga 2010 - Fiseán
C-Store Awards
Tá Foras na Gaeilge mar phríomhpháirtnéir Gaeilge den chomórtas ‘C-Store Awards’ a eagraíonn an tsainiris ShelfLife do stórais mhiondíola. Is tríd an chatagóir nua de ‘Sárchleachtas na Gaeilge sa Timpeallacht Mhiondíola’ a aithnítear an siopa is mó a úsáideann Gaeilge laistigh de stóras margaíochta miondíola.
Smedias
Aithníonn na hardghradaim seo an sárchumas atá ag teacht chun cinn in earnáil na meán cumarsáide i measc mac léinn den triú léibhéal ar fud na tíre.
Bhí dhá chatagóir nua sna SMEDIAS i mbliana – Gradaim Náisiúnta na Meán Cumarsáide do Mhic Léinn – bhí deis ag craoltóirí agus iriseoirí óga a saothar Gaeilge a chur isteach faoi cheachtar den dá shainchatatgóir seo:
Iriseoireacht i nGaeilge (Raidió )
Lynette Fay ag bronnadh gradam an radió ar Therese McInerney
Le haghaidh tuilleadh eolais mar gheall ar na Gradaim cliceáil anseo
Gradaim na Fógraíochta Teilifíse Gaeilge
D’eagraigh Foras na Gaeilge i gcomhar le TG4 comórtas ceiliúrtha d’áisíneachtaí fógraíochta teilifíse i nGeimhreadh 2006. Bailíodh breis agus ochtó fógra teilifíse le Gaeilge agus tugadh aitheantas ar leith d’áisíneachtaí agus d’fhógróirí araon ag ócáid cheiliúrtha. .jpg)
Tacaíocht don Earnáil Ghnó Phríobháideach
Sainchomhairleoireacht agus tacaíocht mhaoinithe, nuair is cuí sin, a chur ar fáil do pháirtithe uile na hEarnála Gnó Príobháidí do ghníomhaíochtaí agus forbairtí a dhéanfaidh an Ghaeilge a normalú san earnáil. Ar an tacaíocht a sholáthraíonn Foras na Gaeilge don
earnáil seo, tá:
Maoiniú i gcomhair Comharthaíocht Ghnó Nua nó Athchurtha
Tá Foras na Gaeilge ag tairiscint maoiniú meaitseála do gach Fiontar Beag agus Meánach tríd an scéim a dtugtar breac-chuntas uirthi thíos. Chun an cúnamh seo a fháil cuir, go díreach, sonraí do chomhlachta ar an bhfoirm chuí i dteannta leis an meastachán costála tríd an bpost chuig:
Foras na Gaeilge, An Chrannóg, Na Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill
Foirm iarratais ar fáil anseo

Maoiniú i gcomhair Ábhair Dhátheangacha/Ghaeilge
Tá Foras na Gaeilge ag tairiscint maoiniú meaitseála do gach Fiontar Beag agus Meánach tríd an scéim a dtugtar breac-chuntas uirthi thíos. Chun an cúnamh seo a fháil cuir, go díreach, sonraí do chomhlachta ar an bhfoirm chuí tríd an bpost chuig:
Foras na Gaeilge, An Chrannóg, Na Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill
Cliceáil anseo chun foirm a fháil
Scéim "Nuálachas san Earnáil Ghnó" Oscailte
.jpg)
Ciste trína ndéileálfar le hiarratais dírithe ar fhorbairtí praictiúla don earnáil ghnó phríobháideach
a éascóidh nó a spreagfaidh úsáid na Gaeilge mar uirlis ghnó / mhargaíochta.
Áirítear taighde agus measúnú eacnamaíochta lena leithéid de scéim ar bhonn comhpháirtíochta le Foras na Gaeilge.
Taighde na Rannóige
Tá an Rannóg Pobail agus Gnó, i gcomhar leis an Rannóg Phleanáil Chorparáideach, freagach as sainiú na n-ábhar taighde a bhaineann le réimsí na hEarnála Pobail agus na hEarnála Gnó Príobháidí. De ghnáth, bainfear úsáid as taighde neamhspleách chun polasaithe agus soláthar tacaíochta na rannóige a athmheas agus chun soláthar nua a fhorbairt de réir riachtanais shíor-athraithe an dá earnáil.
Taighde a bhaineann leis an Earnáil Phobail
Taighde a bhaineann leis an Earnáil Ghnó
Soláthar Áiseanna agus Tacaíocht Eile
Cuireann Foras na Gaeilge áiseanna agus seirbhísí faoi leith ar fáil saor in aisce do pháirtithe an dá earnáil ar bhealaí éagsúla. San áireamh, tá
Gnó Means Business
Is roinn faoi leith den suíomh idirlín www.gaeilge.ie é ‘Gnó Means Business’ atá mar fhoinse lárnach eolais ar an nGaeilge i gcomhthéacs na hEarnála Gnó i gcoitinne. Leis seo, beidh cartlann de phictiúir shamplacha, liosta d’fhoinsí tacaíochta, teimpléid in-íoslódáilte, córas féin-ordaithe áiseanna ar líne, torthaí taighde, srl. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais

Pacáiste Gnó
Soláthraíonn Foras na Gaeilge réimse leathan d’áiseanna tacaíochta ginearálta d’infheictheacht na Gaeilge i dtimpeallacht ghnó atá ar fáil as a chéile nó mar phacáiste iomlán amháin. Is féidir iad a ordú tríd an chóras féin-ordaithe ar-líne nó trí ghlaoch agus seoltar amach sa phost chugat iad. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais
Ábhair Bholscaireachta
Cuireann Foras na Gaeilge ábhair bholscaireachta ar fáil do ghníomhaíochtaí agus d’ócáidí a bhaineann le cúrsaí pobail.
Seastáin Eolais
Tá seastáin eolais agus ionadaithe na rannóige ar fáil chun freastal ar imeachtaí le seastáin chuí ócáidí gnó nó pobail.
Foireann
Oifig Átha Cliath:
Éamonn Ó hArgáin: Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha
Dr Gearóid Trimble: Clárbhainisteoir
Caoimhín Ó Cadhla
Cris Ní Choisdealbha
Oifig Bhéal Feirste:
Máirtín Mac Cathmhaoil
Oifig Ghaoth Dobhair
Colm Ó Baoill
Caitríona Nic Seoin
Sonraí Teagmhála
Oifig Átha Cliath:
Teil: + 353 1 639 8400
Facs: + 353 1 6398401
Oifig Bhéal Feirste:
Teil: +44 28 90890970
Facs: +44 28 90890972
Oifig Ghaoth Dobhair
Teil: +35374 9560113 / 9560114
R-phost: gno@forasnagaeilge.ie nó pobal@forasnagaeilge.ie
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA




