Foras na Gaeilge
baile»foras na gaeilge»seirbhísí corparáideacha
Seirbhísí Corparáideacha | Corporate Services
Misean
"A chinntiú go n-eagrófar an eagraíocht ar bhealach éifeachtach réidh".
Ról
Is í an rannóg seo atá i gceannas ar an bpróiseas maidir le pleanáil chorparáideach an Fhorais. I measc na bhfreagrachtaí atá ar an rannóg tá pleananna fadtéarmacha agus gearrthéarmacha a ullmhú chomh maith le tuarascálacha bliantúla a chur ar fáil. Tá an rannóg i gceannas ar chúrsaí taighde an Fhorais freisin. Chomh maith leis seo, is é ról na rannóige seo ná seirbhísí riaracháin agus tacaíochta a chur ar fáil taobh istigh d’Fhoras na Gaeilge chomh maith le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar phróisis airgeadais, acmhainní daonna agus T.F.

Freagrachtaí
- Feidhm éifeachtach pleanála corparáide a fhorbairt taobh istigh d'Fhoras na Gaeilge lena n-áirítear pleananna aonad gnó, cláir oibre, buiséid agus tuarascálacha bliantúla, chomh maith le pleananna corparáideacha.
- Forbairt a dhéanamh ar tháscairí oiriúnacha feidhmithe le tacú leis an bpróiseas pleanála.
- An clár taighde a stiúradh agus a eagrú.
- Bainistiú a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais Fhoras na Gaeilge ar bhealach atá seasmhach leis an Meamram Airgeadais, rud a chiallóidh go mbeidh tacaíocht iomlán á tabhairt d’imeachtaí na rannóg eile.
- Seirbhís éifeachtach acmhainní daonna a chur ar fáil do bhainistíocht agus d’fhoireann Fhoras na Gaeilge a chlúdaíonn réimsí eagsúil ar nós earcaíochta, traenála agus fhorbairt na foirne.
- A chinntiú go bhfuil forbairt, treisiú agus cothabháil reatha á ndéanamh ar na córais T.F. chuí i bhForas na Gaeilge.
Is féidir leat teacht ar Foirm Íocaíocht Phras ag Comhlachtaí na hEarnála Poiblí Anseo
An Fhoireann
Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha
Mícheál Ó Ríordáin
An Rannóg Airgeadais, Acmhainní Daonna, Teicneolaíocht na Fáisnéise
Mairéad Ní Chéadagáin (Clárbhainisteoir)
Aisling Nic Craith
Cris Ní Chualáin
Máire Ní Laoire
Colm Ó hArgáin
Caitríona Howard
Fiach Uíbh Eachach
Niamh Ní Thuama
Clár Ní Choillte
An Rannóg Pleanála Corparáidí
Seán Ó Cearnaigh
Sadhbh Ní Ógáin
ÁIS
Féach faoi mhír ar leith i roghchlár Fhoras na Gaeilge.
Réimsí Oibre
Pleanáil Chorparáideach
Airgeadas
Acmhainní Daonna
Teicneolaíocht na Faisnéise
ÁIS (áisíneacht dáiliúchán leabhar)
Sonraí Teagmhála
Oifig Átha Cliath:
Teil: +353 1 639 8400
Facs: +353 1 639 8401
Oifig Bhéal Feirste:
Teil: +44 28 90890970
Facs: +44 28 90890972
Oifig Ghaoth Dobhair:
Teil: +35374 9560113 / 9560114
corparaideach@forasnagaeilge.ie
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


