GNÓ Means Business
baile»gnó means business»an cás ar son an ghaeilge sa ghnó
An Cás ar son an Ghaeilge sa Ghnó | The Case for Irish in Business

Le blianta beaga anuas, tá an Ghaeilge á húsáid níos mó ná riamh ag fiontraithe agus ag an lucht gnó (féach An Chartlann Ghnó) chun an lámh in uachtar a fháil ar an iomaíocht, idir logánta agus domhanda, atá ag síorfhorbairt agus ag éirí níos géire in aghaidh an lae. Sa bhreis ar an 660 comhlacht poiblí a sholáthróidh seirbhísí do chustaiméirí go dátheangach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (pdf), tá ag éirí leis na mílte comhlacht eile ón earnáil ghnó phríobháideach tréithe uathúla na Gaeilge a chur in oiriúint dá réimsí gnó féin ar dhóigheanna nuálacha chun an buntáiste margaíochta a fháil.
Cuireann feicseanacht na Gaeilge go mór le híomhá agus le brandáil gnólachta nó táirge nó seirbhíse, ní hamháin leis an Éireannachas nó dílseacht logánta a léiriú, ach táirgíonn an blaisín de dhátheangachas taithí uathúil don tomhaltóir, go háirithe do thomhaltóir Nua-Éireannach a fhaigheann léargas cultúrtha ar Éirinn agus é nó í ag siopadóireacht. Ar an dóigh chéanna, is féidir le lucht gnó leas a bhaint as an mór-bháúlacht phearsanta agus phríobháideach atá ag an ngnáth-thomhaltóir Éireannach, i mbaile agus i gcéin, don Ghaeilge.
Is uirlis éifeachtach margaíochta í agus fiú gan líofacht sa Ghaeilge, is féidir le haon fhiontraí nó le haon ghnólacht leas a bhaint as áiseanna amhairc dátheangachale cur lena mbranda. Is iomaícur chuige , ag brath ar an gcineál gnó agus margaidh, is féidir le gnólacht a úsáid le hinfheistíocht a dhéanamh sa Ghaeilge mar uirlis ghnó agus tríd an fho-rannóg seo, léirítear a leithne agus a ilghnéithe atá an t-eolas ábhartha a thacaíonn leis an gcás an Ghaeilge a úsáid mar uirlis ghnó.
Tá taighde ar fhiúntas na Gaeilge mar uirlis phraiticiúil ghnó don earnáil ghnó féin mar bhunús le coimisiúnú na sraithe taighde gnó atá ar siúl go leanúnach ag Foras na Gaeilge ó 2005. Is ó thorthaí an taighde bhunaidh seo chomh maith le taighde ábhartha eile na hearnála gnó a fhorbraíonn Foras na Gaeilge, i gcomhair leis An Grúpa Comhairleach Gnó, ár bplean gníomhaíochtadon earnáil ghnó agus ár gclár tacaíochta gnó de chomhairle, mhaoiniú, urraíocht, ghné-fhógraíocht, sholáthar áiseanna, agus chomhoibriú le páirtithe gaolmhara eile. Déanfar an cás ar son an Ghaeilge sa ghnó a léiriú fosta trí shamplaí de staidéir cháis de ghnólachtaí ó réimsí éagsúla ar éirigh leo leas gnó a bhaint as úsáid na Gaeilge, chomh maith le sleachta ó na meáin ar cheist na Gaeilge san earnáil ghnó.
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA



