GNÓ Means Business

baile»gnó means business»acmhainní in-íoslódáilte

Acmhainní In-íoslódáilte | Downloadable Resources

Ar an leathanach seo tá teimpléid curtha ar fáil againn a bhaineann leis an earnáil ghnó. Is é an cur chuige is fearr ná an Ghaeilge agus an Béarla a bheith ar an aon leathanach amháin le chéile; is é sin is éifeachtaí chun tairbhe a bhaint as an nGaeilge i do ghnó. Rinneadh gach iarracht dearadh dátheangach a chur i bhfeidhm ar na teimpléid seo dá réir.

Is féidir na teimpléid a íoslódáil agus a úsáid go díreach mar atá nó is féidir iad a athrú mar is cuí duitse agus do do ghnó. Rud amháin faoi sin, áfach, ó thaobh chaighdeán na teanga de; má tá tú féin chun cur leis an ábhar atá curtha ar fáil againne, mholfaimis duit aistritheoir gairmiúil a úsáid.

Teimpléid Riaracháin
Teimpléid Leictreonacha
Teimpléid don Mhiondíol
Teimpléid Eile

Teimpléid Riaracháin

Facs

Is féidir an teimpléad seo a úsáid chun facsanna a chur amach, is féidir é a athrú le go n-oirfidh sé do do chomhlacht.

Meamram

Is féidir an teimpléad seo a úsáid chun meamram a chur timpeall.

Sonrasc

Sampla de shonrasc chun do chustaiméir a chur ar an eolas maidir leis an méid airgid atá dlite ach nach bhfuil íoctha.

Fáltas Díolacháin

Sampla d’fháltas chun a chinntiú go bhfuarthas na tairgí cearta a ordaíodh.

Ráiteas Billeála

Sampla de ráiteas billeála a dhéanann achoimre ar na hidirbhearta uile le custaiméir ar leith in aghaidh na míosa.

Cárta Gnó

Is féidir do chártaí gnó a bhunú ar an teimpléad seo chun do chuid sonraí teagmhála a chur ar fáil go dátheangach.

Ceann Litreach

Is féidir do cheann litreach a bhunú ar an teimpléad dátheangach seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn i do ghnó.

Costais Taistil

Má dhéanann tú taisteal mar pháirt de do chuid oibre, is féidir tuairisc a choimeád ar an airgead atá dlite duit leis an bhfoirm seo.

Teimpléid Leictreonacha

Polasaí Rúndachta ar Ríomhphost

Sampla de nóta a chuirtear ag bun ríomhphoist más ábhar rúnda é.

Polasaí maidir le Sínithe Leictreonacha

Nóta beag is féidir a chur ag bun ríomhphoist chun a chur in iúl nach nglacann do chomhlacht le sínithe leictreonacha agus conradh á dhéanamh.

Séanadh

Sampla de shéanadh, a deir go bhfuil chuile iarracht déanta cruinneas an eolais ar do láithreán gréasáin a chinntiú ach seans go bhfuil botún nó dhó ann. Is féidir séanadh mar seo a chur le cáipéis ar bith.

Ráiteas maidir le Dearadh Suímh

Nóta gearr chun a chur in iúl cén comhlacht nó cén duine a dhear do shuíomh idirlín.

Teimpléid don Mhiondíol

Biachlár

Sampla de bhiachlár dátheangach ionas go mbeadh aon eolas ar do bhéilí blasta ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Praghasliosta Deochanna

Comhartha Gaeilge ionas go mbeadh do chustaiméirí in ann a fheiceáil cé mhéad atá ar phionta i do theach tábhairne nó i do bhialann.

Teimpléid Eile

Cearta ar Cosaint

Ráiteas beag lena chur in iúl nach bhfuil cead ag daoine aon pháirt de cháipéis nó de dhiosca de do chuidse a chóipeáil nó a dháileadh gan cead a fháil uaitse roimh ré.

Ráiteas maidir le Dearadh Táirge

Nóta gearr chun a chur in iúl cén comhlacht nó cén duine a dhear an táirge.

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta.

Tuilleadh eolais