GNÓ Means Business
baile»gnó means business»acmhainní tacaíochta gnó
Acmhainní Tacaíochta Gnó | Business Support Resources
Tá an t-uafás oibre déanta ag daoine agus eagraíochtaí éagsúla, Foras na Gaeilge ina measc, chun an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil ghnó; corparáid ilnáisiúnta ar nós Microsoft a chruthaíonn leagan Gaeilge dá gcuid bogearraí, comhlachtaí beaga aistriúcháin agus daoine aonair agus a suíomhanna gréasáin pearsanta acu le háiseanna úsáideacha. Murach iad níorbh fhéidir gnó a riaradh go héifeachtach trí Ghaeilge ar chor ar bith.
Is éard atá ar an leathanach seo ná liosta cuimsitheach de na háiseanna sin. Cuirfear leis má thagann sampla ar bith eile faoinár mbráid. Má tá sampla ar eolas agat nach bhfuil ar an leathanach, téigh i dteagmháil linn: gno@forasnagaeilge.ie.
Bogearraí
Pacáiste Comhéadan Teanga Windows 7
Cuireann Pacáiste Comhéadan Teanga (LIP) Windows 7 Comhéadan Úsáideora atá logánaithe i bpáirt ar fáil de na limistéir is mó a mbaintear úsáid astu i Windows.
Pacáiste Comhéadan Gaeilge Office 2007
Comhéadan úsáideora Gaeilge curtha ar fáil ag Pacáiste Comhéadan Gaeilge Office 2007 i
gcomhair:
- Microsoft Office Excel 2007
- Microsoft Office Outlook 2007
- Microsoft Office PowerPoint 2007
- Microsoft Office Word 2007
Riachtanais Chórais
- Córais Oibriúcháin a dTacaítear leo: Windows Vista; Windows XP Service Pack 2
- Bogearraí de dhíth: An leagan Béarla (Stáit Aontaithe) d'aon sraith Microsoft Office 2007 ina bhfuil Excel, Outlook, Powerpoint nó Word.
Windows XP as Gaeilge
Soláthraíonn an pacáiste seo leagan Gaeilge d’fhormhór na gcomhéadan úsáideora de chuid Windows XP.
Forlíontán Office XP
Fágann an Forlíontán Uirlisí Profála seo gur féidir leat litriú fhocail Ghaeilge a sheiceáil in Office XP.
Pacáiste Comhéadan Gaeilge Office 2003
Soláthraíonn an Pacáiste Comhéadan Gaeilge (Éire) comhéadan úsáideora aistrithe do na ríomhchláir Microsoft Office 2003 seo a leanas:
Microsoft Office Word 2003
Microsoft Office Outlook® 2003
Microsoft Office PowerPoint® 2003
Microsoft Office Excel 2003
Firefox 3.5 as Gaeilge
Bogearra é seo a chuireann leagan Gaeilge den bhrabhsálaí idirlín Firefox ar fáil do Chóras Oibriúcháin Windows, Mac agus Linux.
Linux as Gaeilge
Córas feidhmiúchán (OS) é Linux do do ríomhaire a bhfuil leagan Gaeilge de ar fáil.
Gaelspell
Le Gaelspell i bhfeidhm, nuair atá tú ag clóscríobh i Microsoft Word cuirtear líne dhearg faoi aon fhocail nach bhfuil litrithe i gceart sa Bhéarla nó sa Ghaeilge. Foilsíonn Cruinneog an leagan Windows de Ghaelspell.
Os cionn 300,000 iontráil i GaelSpell 2007
Oiriúnach do Microsoft® Word ar ríomhairí Windows (le Microsoft Office® 2007 san áireamh)
Cabhair theicniúil ríomhphoist san áireamh leis an leagan ar CD
Leagan níos lú do Microsoft® Word 97 ar fáil freisin
Tá Gaelspell ar fáil do Unix anseo
Tá Gaelspell ar fáil don Mac OS anseo
AbiWord
Ríomhchlár phróiseáil focal é AbiWord atá saor in aisce agus a bhfuil foclóir Gaeilge ar fáil dó óna suíomh idirlín.
Ceart
Is pacáiste bogearraí saorsheasaimh cumhachtach é Ceart a chabhraíonn le daoine gramadach agus litriú na Gaeilge a cheartú.
Ar fáil do Mac amháin faoi láthair
OpenOffice.org
Sraith feidhmchlár iomlán is ea OpenOffice.org atá comhoiriúnach le gach mórshraith feidhmchlár eile (Microsoft Office san áireamh). Tá sé saor in aisce agus tuairiscíonn clár cinn OpenOffice.org go n-íoslódáladh 49 milliún cóip de go nuige seo. Anois tá sé ar fáil as Gaeilge.
Opera as Gaeilge
Leagan Gaeilge den bhrabhsálaí gréasáin, Opera.
Eudora Light as Gaeilge
Is í Eudora Light an leagan saor de Ghabhálaí Ríomhphoist Eudora Pro. Údarás na Gaeltachta agus Bord na Gaeilge (Foras na Gaeilge anois) a rinne urraíocht ar an leagan Gaeilge.
Scríobh.ie
Tugann an suíomh seo breac-chuntas ar na hacmhainní ríomhaireachta agus Idirlín is úsáidí a bhaineann le scríobh na Gaeilge. Ní faoin litríocht atá sé, ach rud atá ann a chuireann duine i dtreosuíomhanna eile mar a bhfuil foclóirí, litreoirí, agus acmhainní ábhartha eile le fáil. Iarracht atá ann ann eagar a chur ar an eolas atá amuigh ansin.
Cliceáil anseo chun teacht ar:
Foclóirí & Stórchistí
Liostaí Logainmneacha
Seirbhísí Aistriúcháin
Oiliúint
Naisc Úsáideacha Eile
Bileoga Eolais
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA

.bmp)




