GNÓ Means Business
baile»gnó means business»foinsí maoinithe
Foinsí Maoinithe | Sources of Funding
Dar ndóigh, ní hé Foras na Gaeilge an t-aon dream amháin a thugann maoiniú chun cuidiú le do ghnó. Ar an leathanach seo, cuirtear liosta ar fáil, de na heagraíochtaí eile a thugann deontais a bhaineann leis an nGaeilge a chur chun cinn.
Deontais don Ghaeilge
Údarás na Gaeltachta
San am i láthair, tá Údarás na Gaeltachta, gníomhaireacht de chuid Rialtas na hÉireann a bhfuil
sé de chúram uirthi an Ghaeltacht a fhorbairt, ag tairiscint dreasachtaí airgeadais iontach fiúntach ar mhaithe le gnólachtaí úra agus iad siúd atá i bhfách le leathnú a dhéanamh ar a ngnó.
www.udaras.ie
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Tá Ciste Gnó de mhilliún euro curtha ar fáil ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan, chun maoiniú a chur ar fáil do ghrúpaí nó eagrais a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn san earnáil ghnó i gcontaetha agus i gcathracha ar fud na tíre.
www.pobail.ie
Coimisiún Craolacháin na hÉireann (BCI)

Tá scéim dheontais ag an BCI darb ainm ‘Fuaim agus Fís’. Dearadh í chun tacú le cláir nua teilifíse agus raidió a chruthú i réimsí cosúil le cultúr, oidhreacht agus taithí mhuintir na hÉireann.
www.bci.ie
Northern Ireland Screen
Tá Ciste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) ag Northern Ireland Screen. Bunaíodh é chun maoiniú a sholáthar chun táirgí íomhánna gluaiste d’ardchaighdeán a léiriú trí mheán na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Is féidir eolas i nGaeilge a íoslódáil óna láithreán gréasáin.
Chun treoirlínte na scéime seo a fheiscint cliceáil anseo.
An Chomhairle Ealaíon
Féadfaidh eagraíochtaí ealaíon, ealaíontóirí agus grúpaí (ar nós eagraíochtaí neamhbhrabúsacha nó grúpaí pobail nó iad siúd atá ag obair in earnáil na sláinte nó an oideachais) cur isteach ar thacaíocht airgeadais ón gComhairle Ealaíon. Cuirtear deontais ar leith ar fáil do dhaoine atá ag tabhairt faoi obair a bhaineann le litríocht na Gaeilge nó leis na healaíona traidisiúnta.
Chun dul chuig an láithreán cuí, cliceáil anseo
Eolas Eile
Is éard atá sa liosta thuas ná na foinsí maoinithe a chuireann eolas ar fáil as Gaeilge/go dátheangach faoina gcuid scéimeanna tacaíochta. Na suíomhanna seo a leanas, áfach, soláthraíonn siad liostaí cuimsitheacha d’fhoinsí maoinithe agus tacaíochta a chuirtear ar fáil do gach gnó in Éirinn.
Má tá tú lonnaithe i bPoblacht na hÉireann cliceáil anseo chun cuairt a thabhairt ar an suíomh Starting a Business in Ireland.
Má tá tú i dTuaisceart na hÉireann, cliceáil anseo chun cuairt a thabhairt ar an suíomh Northern Ireland Business Info.
Comhairleoir Deontas an AE
Clár é Comhairleoir Deontas an AE, a bhunaigh Microsoft i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí éagsúla eile, a chabhraíonn le fiontair bheaga agus mheánmhéide (SMEs) fiúntas agus tairbhe ceart a bhaint as cistí maoinithe an AE.
Chun cuairt a thabhairt ar an suíomh, cliceáil anseo.
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA




