Ranganna & Áiseanna
baile»ranganna & acmhainni»réamhrá
Réamhrá | Introduction
Cuireann Foras Na Gaeilge tacaíocht ar fáil do mhúineadh na Gaeilge agus don mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Cuirimid an tacaíocht sin ar fáil ar fud na hÉireann do lucht teagaisc agus do lucht foghlamtha na Gaeilge ag gach leibhéal de na córais oideachais m.sh.
Bunachar Sonraí Áiseanna Teagaisc
Comhairle agus Eolas
Scéimeanna tacaíochta d’imeachtaí agus do thionscadail éagsúla
Ranganna Gaeilge
Tá eolaire de na ranganna Gaeilge atá á múineadh ar fud na hÉireann ar fáil anseo chomh maith. Tá gach leibhéal cumais, ón nglantosaitheoir go dtí an cainteoir líofa, san áireamh anseo. Má tá tú ag iarraidh teacht ar na ranganna atá ar siúl i do cheantar áitiúil, cliceáil anseo.
Tá Foras na Gaeilge ag comhoibriú leis na heagraíochtaí seo a leanas in earnáil an oideachais:
- Ball den Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)
- Ball de Choiste Deartha Tús Maith
- Ball den Ghrúpa Comhairleach Proifisiúnta don Fhoireann Tacaíochta don Ghaeilge ag an Iar-bhunleibhéal
- An Clár Um Thacaíocht do Churaclam na Bunscoile
- Ball den Ghrúpa Comhairleach don Fhoireann Tacaíochta don Ghaeilge ag an Iar-bhunleibhéal
- An tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas (NCTE)
- Cabhair i leith eagrú cúrsaí Gaeilge atá á reáchtáil ag Cumann Múinteoirí Éireann i nGaillimh, i gCiarraí agus i bPort Láirge. www.into.ie
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


