Aistritheoirí / Téarmaí

Réamhrá | Introduction

Sa rannóg seo gheofar eolas faoi acmhainní téarmaíochta, liostaí téarmaíochta le híoslódáil, treoirlínte faoi obair na téarmeolaíochta agus phointí áirithe gramadaí, mar aon le taisce de théacsanna Gaeilge, líne chabhrach le haghaidh gach duine a úsáideann an Ghaeilge, agus cur síos ar an gCóras Creidiúnaithe d'Aistritheoirí.

Tá rannóg Aistritheoirí / Téarmaí roinnte in dhá fho-rannóg:

Téarmaí

Téarma is ea focal nó grúpa focal a úsáidtear mar ainm nó lipéad chun coincheap áirithe a chur in iúl.

Tá ceithre bhealach éagsúla ar an suíomh seo chun cuidiú leat an téarma atá uait a aimsiú:

Bunachar Téarmaí don tSeirbhís Phoiblí

Bunachar Téarmaí ina bhfuil rogha leathan de théarmaí bunúsacha a bheadh feiliúnach i gcomhair comharthaíochta agus fógraí poiblí. Is féidir an bunachar a chuardach de réir teanga, de réir catagóire (go haibítreach), nó is féidir an bunachar sonraí iomlán a chuardach i gcomhair téarma faoi leith leis an inneall cuardaigh.

Liostaí

Liostaí agus foclóirí téarmaíochta ar fáil le híoslódáil i bhfoirm cáipéisí Word. Cuid acu is liostaí gearra iad a bhaineann le réimsí ar leith, cuid eile is foclóirí iad atá as cló nó nach raibh ar fáil go dtí seo ach i bhfoirm leictreonach.

An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta - www.focal.ie

Forbraíodh an bunachar seo chun corpas náisiúnta téarmaíochta a thiomsú agus a chur ar líne don phobal. Tá foinsí uile an Choiste Téarmaíochta ann, dréachtliostaí san áireamh, agus roinnt ábhair a ionchuireadh le caoinchead daoine nó eagraíochtaí eile, m.sh., Téarmaí Míleata le caoinchead Óglaigh na hÉireann, agus fochorpas d’ábhar dlíthiúil le caoinchead Rannóg an Aistriúcháin. Is é FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a d'fhorbair an réiteach teicniúil agus a rinneadh an bunábhar a ullmhú le hionchur. Tá obair leanúnach eagarthóireachta ar bun chun cur le comhsheasmhacht an ábhair agus tá ábhar breise á ionchur go rialta.

Foirm fiosraithe téarmaíochta ar líne

Tá áis ar an suíomh seo chun téarmaí nua a chur faoi bhráid an Choiste Téarmaíochta mura bhfuil fáil orthu sna bunachair/foclóirí cheana. Mura n-aimsíonn tú an téarma atá á lorg agat, cliceáil anseo chun iarratas a chur chuig an gCoiste Téarmaíochta.

Treoirlínte

Tá roinnt acmhainní faoi obair na téarmeolaíochta ar fáil anseo. San áireamh tá Bileog Eolais ina dtugtar tuairisc ar na foinsí éagsúla téarmaíochta, idir fhoclóirí nó liostaí clóite agus fhoinsí leictreonacha. Tá dréacht-lámhleabhar le fáil anseo freisin – saothar idir lámha atá ann agus beidh breis ábhair á chur leis go luath. Thairis sin, tá roinnt léirithe PowerPoint le fáil anseo faoi ghnéithe éagsúla den obair, ceann faoi úsáid an Bhunachair Náisiúnta Téarmaíochta, www.focal.ie, san áireamh. 

Aistritheoirí

Tá cur síos ar an gCóras Creidiúnaithe d'Aistritheoirí ar fáil anseo chomh maith le hacmhainní d’aistritheoirí: Taisce Téacsanna agus an líne chabhrach, Freagra.

An Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí

Le trí bliana anuas, tá an córas nuálach creidiúnaithe seo á fhorbairt agus tá dianphróiseas measúnaithe d'aistritheoirí curtha ar bun. Mar thoradh ar an bpróiseas seo tá painéal anois ann de 98 aistritheoir creidiúnaithe ar bhronn an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, An tUas. Éamon Ó Cuív, T.D., a dteastais orthu.
 
 Seo thíos an t-ábhar atá ar fáil:

  • Painéal Aistritheoirí Creidiúnaithe
  • Rialacháin maidir le hIompraíocht Iarratasóirí le linn Scrúduithe
  • Páipéir Scrúdaithe
  • Fógraí faoi Cheardlanna nó Cúrsaí Aistriúcháin a bheidh ar siúl, srl.

Taisce Téacsanna

Is é atá sa Taisce Téacsanna ná bunachar de théacsanna Gaeilge a bhíonn ag teastáil go minic ó lucht úsáidte na Gaeilge agus atá riachtanach do shaothrú an dátheangachais.

Líne Chabhrach

Is líne chabhrach é Freagra le haghaidh gach duine a úsáideann an Ghaeilge. Is féidir Freagra a rochtain ar an bhfón, nó le teachtaireacht téacs nó ríomhphoist. Gealltar freagra tapa ar cheisteanna faoi gach gné den Ghaeilge.

FAOIN Spotsolas

An Gúm faoi thrácht

Clúdaigh leabhar de chuid An Gúm faoi thrácht i leabhar nua dearthóireachta.

Tuilleadh eolais