Úsáid & Foghlaim
baile»úsaid & foghlaim»acht na dteangacha oifigiúla
Acht na dTeangacha Oifigiúla | Official Languages Act
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Réamhrá
Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí poiblí ar fáil sa Ghaeilge.

Cuspóir an Achta
Is é bunchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón tseirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.
Baintear é seo amach go príomha trí dhualgas reachtúil a chur ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar “scéim” a bheidh le hathnuachan gach 3 bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist.
Treoirlínte do Scéimeanna faoin Acht
Treoirlínte faoi alt 12 dAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Fanann na scéimeanna i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana agus ina dhiaidh sin caithfear iad a athnuachan. Úsáidtear an próiseas seo chun feabhas suntasach céimiúil a bhaint amach, thar tréimhse, ar leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirtear ar fáil.
Príomhfhorálacha an Achta
Ina theannta sin, sonraítear roinnt forálacha ginearálta bunúsacha san Acht a mbeidh feidhm coitianta leo, mar shampla, comhfhreagras i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna, faisnéis áirithe a thabhairt don phobal i gcoitinne i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, foilseacháin dhátheangacha de dhoiciméid thábhachtacha áirithe, úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, srl.
I measc na bhforálacha a leagtar síos san Acht, tá forálacha maidir le:
- Cumhacht an Aire - le toiliú an Aire Airgeadais - rialacháin a dhéanamh chun lán-éifeacht a thabhairt do rud ar bith atá leagtha síos san Acht (Alt 4)
- Ceart ag gach duine Gaeilge a úsáid os comhair ceachtar Tí den Oireachtas ina n-áirítear aon choiste dá gcuid. (Alt 6)
- Achtanna a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna (Alt 7)
- Ceart ag duine éisteacht a fháil agus an Ghaeilge a úsáid in imeachtaí cúirte (Alt 8)
- Dualgas comhlachtaí poiblí a chinntiú go n-úsáidtear Gaeilge amháin, nó an Ghaeilge agus an Béarla le chéile, ar fhógairtí béil - bíodh said beo nó taifeadta, ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí faoi réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire. (Alt 9(1)) – Féach “Dréachtrialacháin” thíos.
- Dualgas comhlachtaí poiblí comhfhreagras - i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach - i nGaeilge a fhreagairt sa teanga sin. (Alt 9(2))
- Dualgas comhlachtaí poiblí a chinntiú go mbeidh aon chumarsáid- i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach - a dhéantear leis an bpobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. (Alt 9 (3))
- Dualgas comhlachtaí poiblí, ar chomhlachtaí Stáit iad freisin, doiciméid áirithe, a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna, mar shampla tuarascálacha bliantúla. (Alt 10)
- Dualgas comhlachtaí poiblí dréachtscéim a ullmhú nuair a iarrann an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta é, a leagfaidh síos na seirbhísí atá i gceist acu a sholáthar trí mheán na Gaeilge amháin,
trí mheán an Bhéarla amháin, agus
trí mhéan na Gaeilge agus an Bhéarla araon;
agus na céimeanna atá i gceist a ghlacadh chun a chinntiú go mbeidh aon seirbhís nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge á soláthar sa teanga sin amach anseo (Alt 11)
agus an scéim sin a chur i bhfeidhm nuair atá sí daingnithe ag an Aire - An leagan oifigiúil Gaeilge amháin de loganimneacha na Gaeltachta amháin a úsáid , i léarscáileanna áirithe de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann, in Achtanna agus Ionstraimí Réachtúla an Oireachtais agus ar chomharthaí bóthair na n-údarás áitiuil. Aithnítear go hoifigiúil leagan Gaeilge agus Béarla de gach logainm lasmuigh den Ghaeltacht. (Cuid 5)
Dréachtrialacháin déanta faoin Acht
Tá dréachtrialachán foilsithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., atá le cur i bhfeidhm faoi Alt 9 (1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Baineann na dréachtrialacháin le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla i bhfógairt béil réamhthaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí, ranna stáit, údaráis áitiúla srl san áireamh.
Níl feidhm leis na dréacht rialacháin seo go dtí go ndéanfaidh an tAire iad a fhoilsiú mar Rialacháin.
Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2006 (DRÉACHT)
An Coimisinéir Teanga
Ceapadh Coimisinéir Teanga chun monatóireacht a dhéanamh ar an mbealach a bhfuil forálacha an Achta á gcomhlíonadh agus chun seirbhís ombudsman a sholáthar le gearáin a réiteach. Is féidir dul i dteagmháil le hoifig an Choimisinéara Teanga chun tuilleadh eolais a fháil faoin Acht, comhairle a lorg nó gearán a dhéanamh. www.coimisineir.ie
Stádas Oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach
Ar an 13 Meitheamh, 2005 d’aontaigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre. Ón 1 Eanáir 2007 cuireadh tús leis an stádas oifigiúil agus ba é an tAire Nollaig Ó Treasaigh, T.D., an chéad Aire Éireannach a labhair Gaeilge ag cruinniú de Chomhairle na nAirí, an 22 Eanáir 2007.
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


