Úsáid & Foghlaim
baile»úsaid & foghlaim»réamhrá
Réamhrá | Introduction
Beatha teanga í a labhairt!

Más cainteoir líofa tú nó mura bhfuil agat ach cúpla focal, is é an bealach is fearr le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge ná í a chleachtadh. Ní mór duit an Ghaeilge atá agat a úsáid go rialta lena chinntiú nach dtiocfaidh meirg uirthi agus nach ligfidh tú i ndearmad í.
Tá níos mó deiseanna ann anois ná mar a bhí riamh an Ghaeilge a úsáid. Tá caiféanna agus clubanna, nuachtáin agus irisí agus, ar ndóigh, grúpaí agus eagraíochtaí ann le deis a thabhairt duit cibé méid Gaeilge atá agat a úsáid.
Tapaigh an deis! Léigh an nuacht is déanaí nó déan freastal ar imeacht mar "tráth na gceist" i do chlub áitiúil Chumann Lúthchleas Gael. Déan freastal ar champa samhraidh i do cheantar féin nó ar chlub Gaeilge tar éis am scoile. Cuirfidh sé iontas ort an feabhas a thiocfaidh ar do chuid Gaeilge taobh istigh d'achar gairid.
Má d'fhoghlaim tú Gaeilge ar scoil gach seans go bhfuil i bhfad níos mó ar eolas agat ná mar a mheasann tú. Is éard atá sa rannóg seo ná treoir bheag ar na bealaí éagsúla ar féidir le daoine an Ghaeilge a úsáid agus a fhoghlaim. Chomh maith leis sin tá cur síos ann ar ghnéithe áirithe den Ghaeilge sna córais oideachais.
Gheobhaidh tú eolas sa rannóg seo ar:
- Na cúrsaí Gaeilge atá ar fáil ar fud Éireann agus ar fud an domhain faoi láthair.
- Na háiseanna teagaisc atá ar fáil, áiseanna féinteagaisc san áireamh.
- Na heagraíochtaí atá ag plé leis an nGaeilge i saol na clainne, ón naíonán óg suas go dtí an duine fásta.
- Na heagraíochtaí atá ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais.

Tá go leor bealaí difriúla ar féidir le daoine an Ghaeilge a fhoghlaim:
- cúrsaí sa cheantar áitiúil (ranganna) agus sa Ghaeltacht
- cúrsaí féinteagaisc ar théip, ar dhlúthdhiosca, nó ar CD-ROM

Agus tú ag cuardach cúrsa Gaeilge duit féin nó do dhaoine eile:
- Cuardaigh i Ranganna
- Déan teagmháil leis na heagraíochtaí a luaitear sa rannóg seo maidir le daoine fásta
- Pléigh do thaithí leis an teanga agus do dhearcadh is cumas reatha leo
- I gcomhairle leo, roghnaigh an rang / leibhéal is oiriúnaí duit.
- Bí soiléir faoin méid ama agus dua a theastaíonn leis an teanga a fhoghlaim.
- Cuir ceist ar lucht eagraithe nó lucht múinte an chúrsa mura bhfuil tú soiléir faoi ghné ar bith de.
Bain taitneamh is tairbhe as an gcúrsa!
Cén fáth ar fiú an Ghaeilge a Fhoghlaim..
- Is cuid dár n-oidhreacht Cheilteach í.

- Is teanga cheolmhar, ealaíonta í atá lán de bhrí.
- Is cuid dínn í. Is linn féin í. Is í teanga ár sinsir í.
- Is í an chuid is suaithinsí den fhéiniúlacht Éireannach í. Tá sí á labhairt in Éirinn le trí mhíle bliain nach mór.
- Tá ceol, fuaimeanna áilne agus draíocht ag baint léi. Sampla amháin de sin is ea amhránaíocht ar an sean nós.
- Tá filíocht, litríocht, stair, ealaíon, ársaíocht agus logainmneacha na tíre fite fuaite léi.
- Todhchaí ilteangach atá romhainn. Beidh dhá nó trí theanga an-úsáideach amach anseo. Bíodh an Ghaeilge ar cheann acu!
- Ní leor bheith ag brath ar aistriú go Béarla chun gach cuid de chultúr agus de shaol na hÉireann a thuiscint. Soláthraíonn an Ghaeilge an pictiúr iomlán.
- Is dlúthchuid í den fhéiniúlacht Éireannach agus Eorpach araon.
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


