Vacancies

Proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for posts.

Folúntais

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh.

Clárbhainisteoir na Leabhar:  Clár na Leabhar Gaeilge agus Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (ÁIS)

Tagairt: CBL/0324

Is é an raon tuarastail don phost ná: €74,888- €91,784*

*D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais

Caithfear an post a thairiscint ag bun an scála.

Foirm Iarratais & Leabhrán Eolais

Foirm Iarratais

Leabhrán Eolais

SPRIOCDHÁTA

Caithfear cóip PDF/JPG de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meán lae, Déardaoin 2 Bealtaine 2024 chuig: poist@forasnagaeilge.ie

Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.

Proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for the above post.