Foras na Gaeilge
baile»foras na gaeilge»clár na leabhar gaeilge
Clár na Leabhar Gaeilge | Clár na Leabhar Gaeilge
- Misean
- Stair
- Ról
- Freagrachtaí
- Scéimeanna
- Féilte/Imeachtaí Litríochta
- Comórtais Litríochta
- An Fhoireann
- Sonraí Teagmhála
Misean
Scríbhneoireacht, Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge a chothú.
Stair
Bunaíodh Bord na Leabhar Gaeilge i 1952 chun foilsitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Ag tús 2008, aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge go Foras na Gaeilge. Déantar na feidhmeanna sin a chomhlíonadh anois faoin ainm Clár na Leabhar Gaeilge.
Ról
- Tacaíocht a thabhairt d’fhoilsitheoirí na Gaeilge trí Scéim na Foilsitheoireachta go príomha.
- Tacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge tríd na Scéimeanna Scríbhneoireachta go príomha.
- Aird an phobail a dhíriú ar leabhair Ghaeilge.
- Daoine a mhealladh le bheith ag léamh agus ag scríobh as Gaeilge.

Freagrachtaí
- Tacú le foilsitheoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge chun a chinntiú go mbeidh réimse leathan saothair ar ard-chaighdeán Gaeilge ar fáil do léitheoirí.
- Leabhair Ghaeilge a chur chun cinn.
- Comhoibriú le heagraíochtaí eile ar thograí chun leabhair Ghaeilge a chur chun cinn.
- Buiséad na rannóige a riar chomh héifeachtach agus chomh cothrom agus is féidir.
Scéimeanna agus Feachtais
Scéim na Foilsitheoireachta
Tugann an scéim seo cúnamh d’fhoilsitheoirí leabhair Ghaeilge a fhoilsiú. Cuirtear tacaíocht maoinithe ar fáil sna réimsí táirgeachta, margaíochta agus forbartha.
Na Scéimeanna Scríbhneoireachta
Cuireann na Scéimeanna Scríbhneoireachta le cumas scríbhneoirí Gaeilge plé le gnéithe éagsúla den phróiseas liteartha.
Scéim na nOidí
Is í aidhm na scéime seo deis a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta Gaeilge comhairle faoina gcuid scríbhinní, agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne, a fháil ó scríbhneoirí aitheanta Gaeilge (oidí)
Scéim na Scoláireachtaí Taighde
Faoi Scéim na Scoláireachtaí Taighde bronntar scoláireachtaí ar scríbhneoirí áirithe a bhainfeadh leas as deontas taighde chun cur lena n-inniúlacht chruthaitheach agus lena n-eispéireas liteartha.
Scéim na gCoimisiún
Is í aidhm na scéime seo ciste coimisiúnaithe a dháileadh i measc lucht liteartha na Gaeilge sa chaoi is go gcinnteofar soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta.
Scríobh Leabhar
Is éard atá i gceist leis an tionscnamh seo ná go n-iarrtar ar pháistí bunscoile leabhar a scríobh, rud a thugann an deis dóibh taithí a fháil ar an gcruthaitheacht, ar na scileanna agus ar an spraoi, a bhaineann lena leabhair féin a scríobh agus a fhoilsiú.
Tá cuid de na leabhair seo le feiceáil ach cuairt a thabhairt ar an nasc seo.

Leabhar na Bliana
Reáchtáiltear Gradam Leabhar na Bliana i gcomhar le hOireachtas na Gaeilge. Tá dhá rannóg i gceist le Leabhar na Bliana, Leabhar do Dhaoine Fásta (Gradam Uí Shúilleabháin) agus Leabhar do Dhaoine Óga (Gradam Réics Carló).
Bhain na leabhair seo a leanas amach gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2009:
- Iqbal: Dréachtaí próis is filíochta le Gabriel Rosenstock, arna fhoilsiú ag Coiscéim
- An Damer: Stair Amharclainne le Máiréad Ní Chinnéide, arna fhoilsiú ag Gael Linn
- Ar an gCoigríoch le hAisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin, arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnachta
- Aguisíní le Seán Ó Tuama, curtha in eagar ag Louis de Paor, arna fhoilsiú ag Coiscéim
- Filíocht Ghrá na Gaeilge/Love Poems in Irish le Ciarán Mac Murchaidh, arna fhoilsiú ag Cois Life
- Pádraic Ó Conaire Rogha Scéalta le Diarmuid de Faoite, arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnachta
Bhain na leabhair seo a leanas amach gearrliosta Ghradam Réics Carló 2009:
- Cén t-am é le Siobhain Grogan, arna fhoilsiú ag Cois Life
- Eachtraí Uchtaigh le hEsther Gobl Uí Nualláin, arna fhoilsiú ag Móinín
- Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir le Siobhán Parkinson, arna fhoilsiú ag Cois Life
- Peigín Leitir Móir le Tadhg Mac Dhonnagáin, arna fhoilsiú ag Futa Fata
- Deirdre agus Mic Uisnigh le Colmán Ó Raghallaigh, arna fhoilsiú ag Cló Mhaigh Eo
- Balor le Caitríona Hastings, arna fhoilsiú ag An tSnáthaid Mhór
Buaiteoirí Leabhar na Bliana 2009
Gradam Uí Shúilleabháin

Gradam Réics Carló

Feachtais Mhargaíochta
Reachtáiltear Leabhar Power le linn Seachtain na Gaeilge i gcomhar le CLÉ, An Comhairle Ealaíon agus ÁIS chun leabhair Ghaeilge a chur os comhair an phobail.
Reachtáladh feachtas margaíochta na Nollag 2008 chun leabhair Ghaeilge a mholadh mar bhronntanais Nollaig. Ritheadh comórtais éagsúla ar stáisiúin raidió agus teilifíse ó lár mhí na Samhna ar aghaidh.

Féilte/Imeachtaí Litríochta
Cuirtear maoiniú ar fáil d’fhéilte litríochta a dhéanann ceiliúradh ar scríbhneoireacht agus foilsitheoireacht na Gaeilge agus a chuireann litríocht na Gaeilge os comhair an phobail. Ina measc tá Féile Litríochta IMRAM a bhíonn ar súil san Fhómhar agus Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath a reáchtáiltear san Earrach.
Comórtais Litríochta
Cuirtear duaischistí áirithe ar fáil do chomórtais litríochta éagsúla, ina measc Comórtais Liteartha an Oireachtais agus Comórtas Léirmheastóireachta Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá duaischiste freisin ar fáil do Leabhar Taighde na Bliana Fhoras na Gaeilge/ACIS. Spreagann comórtais mar seo daoine chun tabhairt faoi léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge.
An Fhoireann
Stiúrthóir: Aedín Ní Bhroin
Riarthóir Oifige: Caitlín Uí Mhéalóid
Cúntóir Oifige: Máire Uí Fhaogháin
Sonraí Teagmhála:
Clár na Leabhar Gaeilge, Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí.
Guthán: 046-9430419
Facs: 046-9430420
Ríomhphost: leabhar@forasnagaeilge.ie
FAOIN Spotsolas
Cuid bhunúsach dár bhféiniúlacht féin is ea an Ghaeilge agus cuirimid romhainn dea-thoil a chothú don Ghaeilge trínár gcuid oibre.
GNÉ-MHÍREANNA


