Eolaire
Iontráil Eolaire | Directory Entry
www.focloir.ie
Tá tionscadal an Fhoclóra Béarla-Gaeilge ar an gcéad mhórthionscadal foclóireachta atá beartaithe ag Foras na Gaeilge. Tá os cionn daichead bliain ann ó foilsíodh foclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe agus tá éileamh leanúnach ar fhoclóir cuimsitheach nua-aimseartha. Tá forbairt na foclóireachta leagtha mar chúram reachtúil ar Fhoras na Gaeilge agus táthar ag súil go gcuirfidh an tionscadal seo tús le sraith shuaithinseach foclóirí de chineálacha éagsúla eile. Foclóir dátheangach ina mbeidh thart ar 50,000 ceannfhocal a fhoilseofar i bhfoirm chlóite agus i bhfoirm leictreonach. Beidh an tionscadal roinnte ina chéimeanna agus meastar go dtógfaidh sé thart ar chúig bliana le cur i gcrích. Céim a hAon atáthar ag tabhairt ar chéim na pleanála agus an dearaidh agus is é sin atá i gceist faoi láthair. Bainfidh an obair le linn na céime seo le leagan amach agus pleanáil an Fhoclóra féin, le roghnú na gceannfhocal, le córais ríomhthacaíochta, le córas fiosraithe corpais, le córas scríofa foclóra agus le teimpléid a chruthú a úsáidfear le linn Chéim a Dó den obair, is é sin, scríobh an fhoclóra féin. Le linn Chéim a hAon cuirfear le chéile na corpais, idir Bhéarla agus Ghaeilge, a mbainfear leas astu san fhoclóir agus scríobhfar 100 iontráil shamplach ina n-iomláine don leagan clóite agus don leagan leictreonach faoi seach.
Sonraí Teagmhála:
- Seoladh: 7 Cearnóg Mhuirfean,
- Contae: i mBaile Átha Cliath
- Tír: Éire
- Seoladh Ríomhphoist: eolas@forasnagaeilge.ie
- Suíomh Gréasáin: www.focloir.ie
- Teileafón: 1850 325 325
Tuilleadh Eolais:
- Ar oscailt idir: 09.30 - 17.30
Catagóirí:
Eagraíochtaí agus Grúpaí Gaeilge
- Aistriúchán agus Téarmaíocht
- Idirlíon
Rialtas
- Pleanáil/Taighde Teanga
Séanadh
Ní ghlacann Foras na Gaeilge freagracht ar bith maidir le hábhar na n-iontrálacha ar an Eolaire. Is faoi na grúpaí/na heagraíochtaí a chinntiú nach bhfuil botúin ina gcuid iontrálacha.
LOGÁIL ISTEACH
Iontrálacha is Coitianta
Oireachtas na Gaeilge
Eagraíonn Oireachtas na Gaeilge raon leathan imeachtaí i rith na bliana chun na healaíona dúchais a cheiliúradh trí mheán na Gaeilge. Trí fhéilte, chomórtais, cheardlanna agus imeachtaí eile a reáchtá...
Iontrálacha is Déanaí
Below the Radar
Tá suíomh ilmhéan www.meoneile.ie faoi lámh againn ag díriú ar an saol ó thuaidh. Bíonn ábhar laethúil in airde againn ón Luain go hAoine agus tá muid a maoiniú ag Ciste Chraoltóireachta Ghaeilge. ...