An Fóram Comhpháirtíochta

Bunaíodh an Fóram Comhpháirtíochta Uile-Oileáin de thoradh ar chinneadh den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar an 10 Iúil 2013 na 6 Cheanneagraíocht a ainmniú le freagracht a ghlacadh as forbairt agus as dul chun cinn i sé mhór-réimse.

Is é cuspóir an Fhóraim Comhpháirtíochta a chinntiú go mbeidh na sé Cheanneagraíocht ag pleanáil a gcuid oibre i gcomhar le chéile agus go mbeidh siad ag obair i gcomhar le chéile agus i gcomhar le Foras na Gaeilge sna réimsí seo.

Bíonn cruinnithe ag an bhFóram Comhpháirtíochta ceithre huaire sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin de réir mar a mheastar gá a bheith leis.

Bíonn ceannasaithe na gCeanneagraíochtaí ar an bhFóram Comhpháirtíochta mar aon le Cathaoirleach an Fhóraim Forbartha Teanga agus dhá ionadaí ó Fhoras na Gaeilge, a bhfuil duine amháin acu mar Chathaoirleach air. Cuireann Foras na Gaeilge seirbhísí rúnaíochta ar fáil don Fhóram Comhpháirtíochta chomh maith.

 

Baill an Fhóraim Comhpháirtíochta

  • Edel Ní Chorráin (Cathaoirleach) – Foras na Gaeilge
  • Éamonn Ó hArgáin – Foras na Gaeilge
  • Caitríona Ní Cheallaigh – Cumann na bhFiann
  • Bláthnaid Ní Ghréacháin – Gaeloideachas
  • Antoine Ó Coileáin – Gael Linn
  • Lorcán Mac Gabhann – Glór na nGael
  • Liam Ó Maolaodha – Oireachtas na Gaeilge
  • Julian de Spáinn – Conradh na Gaeilge
  • Siuán Ní Mhaonaigh – Cathaoirleach an Fhóraim Forbartha Teanga