Polasaí Príobháideachais
baile» Polasaí Príobháideachais
Polasaí Príobháideachais | Privacy Policy
Gaeilge.ie - Tiomanta don Phríobháideachas
Tá an ráiteas príobháideachais seo leagtha amach ag Foras na Gaeilge mar léiriú ar a thiomantas daingean don phríobháideachas. Anseo thíos tá eolas faoi na gnásanna atá i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge maidir le bailiú agus scaipeadh eolais.
Is féidir le húsáideoir na suíomhanna gréasáin againn a rochtain agus roinnt de na seirbhísí a úsáid gan aon eolas a thabhairt. Ar an lámh eile, áfach, chun úsáid a bhaint as seirbhísí ar líne nó seirbhísí iarrtha Fhoras na Gaeilge ní mór do gach úsáideoir buneolas teagmhála agus deimeagrafach a sholáthar. Ní chuireann muid an t-eolas sin ar fáil d’aon dream eile.
Ní leanann muid cosán brabhsála aon úsáideora taobh amuigh dár suíomhanna Gréasáin féin.
Eolas a bhailíonn Gaeilge.ie
Aighneachtaí Foirme / Seirbhísí Iarrtha:
Más mian le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh le Foras na Gaeilge maidir le táirgí agus seirbhísí, ní mór dóibh sonraí pearsanta a iontráil. Is iad na seirbhísí dá bhfuil sonraí pearsanta ag teastáil:
- Clárú linn
- Teagmháil
- Clár na nImeachtaí
- NASC Fógraí Rangaithe
- An tEolaire
- Liostáil le liosta ríomhphoist Fhoras na Gaeilge
De ghnáth is seoladh ríomhphoist agus ainm úsáideora an t-eolas atá ag teastáil má dhéanann úsáideoir teagmháil le Foras na Gaeilge maidir le seirbhísí. Nuair a dhéanann úsáideoir teagmháil linn maidir le seirbhísí is féidir leis/léi ‘seirbhísí iarrtha’ a roghnú chomh maith chun faisnéis/tairiscintí éagsúla de ríomhphost a iarraidh (féach Gnásanna Seirbhísí Iarrtha thíos).
Más roghanna ceannaigh ar líne atá i gceist ní mór d’úsáideoirí eolas airgeadais a sholáthar (uimhreacha cárta creidmheasa, mar shampla), agus eolas deimeagrafach (seoladh srl, mar shampla). Is d’fhonn bille a chur amach chuig an úsáideoir, agus dá fhonn sin amháin, a úsáidtear aon eolas airgeadais a bhailítear.
Fianáin:
Ní bhíonn fianáin in úsáid ag Foras na Gaeilge
Eolas Uathlogáilte:
Úsáideann muid do sheoladh IP, do ghníomhairí úsáideora logála UA agus do sheoladh tagarthach chun chuidiú linn diagnóis a dhéanamh ar dheacrachtaí a bhaineann leis an fhreastalaí againn, chun an suíomh Gréasáin a riar agus chun úsáideoirí uathúla a aithint. Baintear úsáid as do sheoladh IP chomh maith chun eolas ginearálta deimeagrafach a bhailiú. Ní chuireann muid an t-eolas sin ar fáil d’aon dream eile.
Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann:
Tá tuilleadh eolais faoi do chearta maidir le príobháideachas sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin An Choimisinéara Chosanta Sonraí.
http://www.dataprivacy.ie/2htm#Your%20Rights
Ríomhphost:
Ó am go chéile úsáideann Foras na Gaeilge seoltaí ríomhpoist a bailíodh ó fhoirmeacha agus ó cheannaigh ar líne chun eolas a chur amach de ríomhphost chuig síntiúsóirí maidir le seirbhísí agus táirgí de chuid Gaeilge.ie. Is féidir cur in iúl ar gach foirm gur mian leat tuilleadh eolais de ríomhphost ó Fhoras na Gaeilge.
Naisc Sheachtracha:
Tá naisc le suíomhanna eile ar fáil ar an suíomh seo. Níl Foras na Gaeilge freagrach as cleachtais phríobháideachais ná as ábhar na suíomhanna seo.
Slándáil:
Tá bearta slándála i bhfeidhm ag an suíomh seo mar chosaint ar chailliúint, mhí-úsáid agus athrú eolais atá faoinár gcúram. Faraor, ní féidir aon ráthaíocht a thabhairt go mbeidh sonraí a sheoltar ar an Idirlíon 100% slán. Dá bhrí sin, cé go ndéanaimid gach dícheall lena chinntiú go mbeidh do shonraí pearsanta slán, ní féidir le Foras na Gaeilge aon dearbhú ná ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil aon eolais a sheolann tú chugainn, táirgí ná seirbhísí ar líne. Ar do phriacal féin atá sé. Ón uair a fhaigheann muid do chuid sonraí, déanann muid gach dícheall lena chinntiú go mbeidh siad slán ar na córais againn.
FAOIN Spotsolas
GNÉ-MHÍREANNA


